Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 34:

I leathanach 43, idir línte 22 agus 23, an méid seo a leanas a chur isteach: “(e) déanfaidh sé córas achomhairc a sholáthar, trí chomhaontú leis an Aire, chun a cheadú don phobal agóid a dhéanamh i gcoinne Logainm oifigiúil, mar a cinneadh roimhe sin ag an gCoiste Logainmneacha, in Ordú Logainmneacha.”

Uaireanta – níl mé ag rá go minic – bíonn conspóid faoi ainm a thagann amach ón gcoiste logainmneacha. Tá a fhios agam go ndéanann sé jab fíorthábhachtach ach bíonn conspóid uaireanta in áiteanna cosúil le Baile Chláir i mo chontae féin. Seo baile ar Abhainn an Chláir ach tá sé i nGaillimh agus b’fhearr le daoine Claregalway a úsáid. Sin scéal eile agus tharla an rud céanna i Sligeach le Inishcrone agus áiteanna mar sin. Ní don Aire Stáit na ceisteanna sin, nó b’fhéidir gurb ea, idir é féin agus an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Ag an am céanna, agus níl a fhios agam an bhfuil mórán daoine á lorg, seans go mbeadh muintir Bhaile an Chláir sásta ainm mar Bhaile Chláir na Gaillimhe a úsáid, mar dúradh liomsa go bhfuil Baile Chláir scríofa ar na comharthaí bóithre agus bíonn daoine sórt mixed-up idir é féin agus an baile Belclare, atá gar do Thuaim. An bhfuil próiseas ann chun na rudaí seo a phlé, chun go mbeadh daoine in ann agóid a dhéanamh? Sílim nach dtarlódh sé go minic ach ag an am céanna an bhfuil próiseas ann nuair atá an rud socraithe? Tá a fhios agam go bhfuil daoine le han-taithí ar an gcoiste logainmneacha agus nuair a bhí mé i m’Aire Stáit bhí muid in ann daoine sinsearacha le han-taithí a ainmniú chuig an mbord. Ag an am céanna, an bhfuil próiseas ann chun na rudaí seo a phlé?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.