Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 32:

I leathanach 39, líne 22, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “úsáid teanga oifigiúla,”.”: “(2) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Teanga, agus tráth nach déanaí ná bliain tar éis achtú an Achta seo, tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, ina leagfar amach na féidearthachtaí a bhainfeadh le feidhmeanna breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga i leith na nithe seo a leanas:
(a) iniúchadh a dhéanamh chun a fhíorú ar dearbhaíodh maolú ar chaighdeán teanga de réir alt 19C gan cúis shásúil ná plean sásúil de réir fho-alt (2) den alt sin;

(b) iniúchadh a dhéanamh an amhlaidh go ndéanfaidh aon fhoráil de Bhille a bheidh os comhair an Oireachtais, nó aon straitéis, scéim, togra nó tuarascáil atá á hullmhú nó á ullmhú nó á heisiúint nó á eisiúint ag an Stát, ag an Rialtas, nó ag aon chomhlacht poiblí, i ndáil le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla, neamhréir le cur chun cinn na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil nó le cearta teanga aon duine.”.

Maidir le leasú Uimh. 32, is léir nár éist an tAire Stáit leis an méid a dúirt an Coimisinéir Teanga nuair a labhair sé os comhair chomhchoiste na Gaeilge anuraidh. Dúirt sé gur chóir go dtabharfaí ról dó chun faireachán a dhéanamh go réamhghníomhach ar Bhillí nó beartais Rialtais sula nglacfar leo chun an tionchar teanga a mheas. Is minic nach bhfuil sé i gceist ag Airí dochar a dhéanamh don Ghaeltacht ach nach dtuigeann na daoine sa Roinn na himpleachtaí ag an am. Tá sé de nós againn sa Stát seo fanachta go bhfuil an dochar déanta chun réiteach a lorg. Dá mbeadh an anailís réamhghníomhach lárnach sa phróiseas reachtúla, bheadh deis ann níos lú dochar a dhéanamh, nó tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht fiú. Is mar seo a dhéantar Billí sa Bhreatain Bheag.

Anuas ar sin, ba chóir go mbeadh ról ag an gcoimisinéir chun iniúchadh a dhéanamh ar mhaoluithe atá dearbhaithe ar chaighdeán teanga chun a chinntiú nach ndearbhaítear iad go huathoibríoch. Tá an baol sin ann. Níl á lorg againn anseo ach tuarascáil ar fhéidearthachtaí a bhainfeadh le feidhmeanna bhreise mar seo a bhronnadh ar an gcoimisinéir. Bheadh deis againn féachaint ar an taighde sa tuarascáil sula nglactar le cinneadh agus an iomarca ualach a chur ar Oifig an Choimisinéara Teanga, atá faoi bhrú cheana féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.