Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 30:

I leathanach 35, idir línte 20 agus 21, an méid seo a leanas a chur isteach: “(3) Ullmhóidh agus eiseoidh an Coiste Comhairleach tuarascáil, tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis theacht i ngníomh an Achta seo, a bheidh bunaithe ar an gcuspóir comhlachtaí poiblí a spreagadh chun a gcuid dualgas teanga a chomhlíonadh, ina leagfaidh sé amach—
(a) moltaí sonracha i ndáil leis na féidearthachtaí a bhainfeadh le córas chun fíneálacha agus pionóis airgid a fhorchur ar chomhlachtaí poiblí a sháróidh na dualgais teanga a chuirfear orthu sna caighdeáin agus sa reachtaíocht,

(b) an ról is féidir a bheith ag an gCoimisinéir Teanga sa phróiseas faireacháin,

(c) modhanna inar féidir an t-airgead arna bhailiú de thairbhe fíneálacha a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus

(d) amchlár féideartha chun an córas molta nó na córais mholta a chur i bhfeidhm.
(4) Cuirfidh an Coiste an tuarascáil faoi bhráid an Aire agus Thithe an Oireachtais a luaithe is féidir tar éis an dáta a eiseofar í.”

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.