Seanad debates
Wednesday, 24 November 2021
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
10:30 am
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Táim buíoch don Seanadóir Kyne as ucht an leasaithe seo ach ní bheidh mé ag glacadh leis. Ní bheidh mé ag lua go sonrach sa reachtaíocht gur duine ag grád príomhoifigigh cúnta a bheidh ceaptha sa ról atá luaite ag an gcoiste comhairleach mar nach mbeadh sé cuí a leithéid a shonrú.Is féidir liom a dheimhniú don Seanadóir, áfach, go ngnóthóidh mé air sin agus comhaltas an choiste chomhairligh á chur le chéile. Beidh mé ag lorg ionadaíocht shinsearach ó na Ranna agus eagraíochtaí éagsúla.
No comments