Seanad debates
Wednesday, 24 November 2021
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
10:30 am
Seán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 24:
I leathanach 21, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: “(4) Aon chomhaltaí a cheapfar faoi alt 18B(3)(a), (b) agus (c), beidh siad ag grád Príomhoifigigh Cúnta, ar a laghad, laistigh de struchtúr gráid na státseirbhíse.”.
Táimid ag caint arís faoi thaithí. Mar a leagtar amach in alt 18B(3)(a), (b) agus (c), beidh comhaltaí ainmnithe ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán,beidh comhaltaí eile ainmnithe mar ionadaí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus beidh comhalta eile ainmnithe ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Níl sé scríofa cén leibhéal sa státseirbhís a bheas na hionadaithe seo nó cén sórt taithí a bheas acu. An imní atá orm ná go mbeidh feidhmeannaigh nuacháilithe ainmnithe ag na Ranna éagsúla seachas daoine ag leibhéal sinsearach le taithí san ábhar a bheidh á phlé acu. Teastaítear go mbeidh leithéidí an Ard-Rúnaí sásta éisteacht leo agus na rudaí a thagann ar ais uathu a thógáil san áireamh. Ag cén leibhéal a bheidh na daoine a bheas ainmnithe tríd alt 18B(3)(a), (b) agus (c)? Dhéanfadh sé ciall go mbeadh siad ag leibhéal níos airde ná mar atá leagtha amach ansin.
No comments