Seanad debates
Wednesday, 24 November 2021
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
10:30 am
Seán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 23:
I leathanach 19, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach: “(5) Beidh an tAire agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagrach do Thithe an Oireachtais as feidhmiú agus obair an Choiste Chomhairligh.”.
Is éard atá i gceist anseo ná go mbeadh ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe - níl mé ag caint faoin Aire atá ann faoi láthair nó ag ainmniú aon duine ach ag caint faoi ról an Aire - ceisteanna Dála a fhreagairt faoin gcoiste chomhairligh maidir le cúrsaí earcaíochta. An faitíos atá orm ná go mbeidh an tAire sásta aon cheist a fhágáil faoin gcoiste chomhairligh agus cúrsaí earcaíochta laistigh den choiste chomhairligh a fhágáil don Aire Gaeltachta. Tá sé tábhachtach go mbeadh ról láidir agus lárnach ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe san earcaíocht agus go mbeadh an coiste seo ag feidhmiú go héifeachtach. Bíonn chuile Aire an-ghnóthach, go mór mór na hAirí sinsearacha cosúil leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, maidir leis an mbuiséad agus chuile rud eile. An faitíos atá orm ná go mbeadh sé nó sí sásta rudaí maidir leis an gcoiste chomhairligh, agus an ról tábhachtach atá ag an gcóras earcaíochta mar atá leagtha amach sa Bhille seo a fhágáil don Aire Gaeltachta agus a rá gur rud é sin don Ghaeilge, ní dó nó di féin nó don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.Cruthaíonn sé fadhbanna muna bhfuil an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sásta an ról lárnach atá ag an nGaeilge agus ag an gcoiste comhairleach a phlé agus muna bhfuil tuiscint aige nó aici ar an tábhacht a bhaineann leis a bheith ag casadh leis na feidhmeannaigh sa Roinn faoin dul chun cinn atá á dhéanamh, faoin gcéatadán den 20% atá bainte amach agus faoi rudaí mar sin. Táimid ag iarraidh a chinntiú sa leasú seo go mbeadh an tAire ar an eolas agus go mbeadh suim aige nó aici ann toisc go mbeadh sé nó sí freagrach don Dáil as an gcoiste comhairleach seo.
No comments