Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Seanadóir as ucht an leasaithe seo a mholadh chuig an Teach. Tá seirbhísí pobal-inrochtana clúdaithe ag leasú a mhol mé agus a glacadh ar Chéim Thuarascála na Dála. Cinnteoidh an leasú sin gurb amhlaidh i gcás ina ndéanann comhlachtaí seirbhís a ngabhann teagmháil leis an bpobal léi a cheannach trí phróiseas soláthair phoiblí nó ar shlí eile, go mbeidh oibleagáidí áirithe teanga ar na soláthróirí seirbhísí a mhéid a bhaineann leis an tseirbhís is ábhartha don chonradh atá i gceist agus a mhéid sin amháin. Tá míniú ann freisin ar sheirbhís lena ngabhann teagmháil leis an bpobal. Is é sin a rá seirbhísí a sholáthraíonn tríú pháirtí don phobal i gcoitinne nó d'aicme den phobal i gcoitinne thar ceann chomhlacht poiblí. Cuirfidh sé seo go mór le feiceálacht na teanga in earnáil an ghnó, rud a bheidh tionchar aige ar úsáid na teanga i measc an phobail. Tá an fhoclaíocht sa Bhille mar atá sé sásúil mar sin, agus tá gach iarracht déanta ag an Rialtas a chinntiú go mbeidh an teanga á chosaint agus comhlacht poiblí ag dul i mbun phróiseas soláthair phoiblí. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.Tá alt 9E(2) le feiceáil i mBéarla ach i nGaeilge, deir an t-alt, "ciallaíonn ‘seirbhís phobal-inrochtana’ seirbhís arna tairiscint nó arna soláthar ag duine seachas comhlacht poiblí, is cuma i gcomhair luach saothair nó nach ea, don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal i gcoitinne thar ceann comhlacht poiblí." Mar sin, tá sé soiléir go bhfuilimid in ann é a dhéanamh má bhíonn an tseirbhís pobal-inrochtana ar cheann an Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.