Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 19:

I leathanach 17, idir línte 15 agus 16, an méid seo a leanas a chur isteach: “Dualgas gan mímhisneach a chur ar dhuine maidir leis an teanga náisiúnta

9F.Ní fhéadfaidh aon chomhlacht poiblí nó eintiteas atá maoinithe go páirteach nó go hiomlán ag comhlacht poiblí, lena n-áirítear daoine atá fostaithe ag comhlacht nó eintiteas den sórt sin, le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh ar son an chomhlachta nó an eintitis, a mholadh do dhuine gan an teanga náisiúnta a fhoghlaim, ná a rá leis nó léi nach mbainfeadh sé nó sí tairbhe aisti, nó nach mbeadh sé ar a chumas nó ar a cumas inniúlacht a bhaint amach inti.”.

Leasú simplí atá anseo nach gcuireann aon chostas ar an Stát agus nach gcuireann dualgas ar aon chomhlacht poiblí aon rud a dhéanamh. Ní chuireann sé orthu ach gan rud a dhéanamh. Is é sin nár chóir d'aon chomhlacht nó eintiteas atá maoinithe ag an Stát a mholadh do dhuine gan Ghaeilge a fhoghlaim nó a chur in iúl do dhuine nach mbainfeadh siad tairbhe aisti nó nach mbeadh sé ar a chumas nó ar a cumas ag an duine sin inniúlacht sa Ghaeilge a bhaint amach. Tá prionsabal bunúsach ag baint leis seo; is é sin nach dtugann an Stát maoiniú d'aon eagras chun daoine a dhíspreagadh ón teanga náisiúnta a fhoghlaim agus iad ag obair don Stát.

Cuimsíonn sé seo scoileanna. Níor chóir do scoileanna nó do mhúinteoirí a íoctar ag an Stát a ról a úsáid chun páistí a mholadh gan Ghaeilge a fhoghlaim nó misneach an pháiste sa teanga a scrios. Is iarracht é seo chun dul i ngleic le fás na díolúine atá feicthe againn leis na blianta. Ní chuireann sé seo aon bhac ar scoil díolúine a thabhairt do mhac léinn ar bith ach ní bheadh cead ag an scoil é sin a mholadh nó a thairiscint mar a dhéantar go minic faoi láthair. Bheadh ar an mac léinn nó an teaghlach é sin a lorg as a stuaim féin. Is léir ó thaighde Pádraig Ó Duibhir, a labhair le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge cúpla mí ó shin, nach bhfuil bunús eolaíoch ag baint le díolúintí teanga. Feictear go bhfuil formhór na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge fós ag déanamh staidéar ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis, rud a dhéanann mugadh magadh den chóras iomlán.

Ní ar mhaithe le cumas síceolaíochta an pháiste atá díolúintí á dhearbhú mar sin. I gcásanna ina bhfuil cumas nó míchumas an pháiste i gceist, ní ag múinteoir nó ag scoil atá an ról comhairle a thabhairt faoi sin ach ag síceolaithe saineolacha. Níl aon thaithí ag múinteoirí nó ag scoileanna ar mhíchumas a shonrú agus níl aon bhac ar mhac léinn nó ar theaghlach díolúine a lorg faoin leasú seo. Tá ráta na ndíolúintí imithe ó 2% sna 1990di go dtí 10% ó shin, rud a léiríonn fadhb. In áit rogha leisciúil a ghlacadh agus páistí a choimeád amach ó ranganna Gaeilge toisc nach fhileann siad don rang, caithfear an rang a dhéanamh níos uallaí agus rochtain ní b'fhearr ar an dteanga náisiúnta a chinntiú. Ba chóir go ndéanfadh ranganna Gaeilge freastal ar pháistí atá faoi mhíchumas nó a thagann as tíortha eile gan mórán taithí sa teanga agus is trua go bhfuil an Rialtas ag fáil réidh leis an mbunleibhéal san ardteistiméireacht de réir na sonraíochta T1 agus T2 molta ag an Roinn Oideachais. Caithfear stop a chur leis sin ar an bpointe.

Tá samplaí cloiste againn freisin de dhaoine ó mhionlaigh, ar nós páistí den lucht siúil agus díolúintí molta dóibh toisc aitheantas an pháiste, ar nós nach lán-chuid den náisiún iad. Caithfear stop a chur leis an chineál ciníochais sin i scoileanna agus in aon áit eile sa saol. Is le mionlaigh na tíre an Ghaeilge, mar aon le gach éinne eile sa tír agus ba chóir don reachtaíocht a chinntiú nach gcaithfear airgead an Stáit ar aon ní a chuireann i gcoinne na fairsingeachta sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.