Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Lynn BoylanLynn Boylan (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 12:

I leathanach 11, idir línte 17 agus 18, an méid seo a leanas a chur isteach: “(1A) Aithnítear leis an Acht seo nach gá go mbainfeadh leagan ainm i dteanga oifigiúil amháin le leagan ainm sa teanga oifigiúil eile, agus go bhfuil sé de cheart ag gach duine a ainm féin nó a hainm féin, déanta d’aon litreacha nó síntí fada atá in aibítear an dá theanga oifigiúla, a úsáid agus a bheith aitheanta in aon ghnó atá ar bun aige nó aici sa Stát.”.

Gabh mo leithscéal, my Irish is not as good as my colleagues’. The reason we have this amendment is mar nach bhfuil aon cheart níos tábhachtaí ná ceart an duine a ainm nó a hainm féin a bheith acu. Táim bródúil as an obair atá déanta ag Sinn Féin chun an ceart sin a láidriú sa Bhille seo. Ní raibh aon tagairt nó cosaint don síneadh fada sa Bhille nuair a thosaigh plé sa Dáil ach d’éirigh leis an Teachta Ó Snodaigh athrú poirt a fháil ón Aire Stáit sa deireadh. Tá fadhbanna fós san fhoclaíocht áfach agus tá an próiseas fós róchasta. Sin an fáth go bhfuilim ag moladh an leasú seo. It is clear as day that it is the right of every person to use his or her own name and to have that name recognised in any business he or she is conducting in the State. With this amendment, the right would not be restricted only to public bodies, as is the case in the Bill now. Private businesses such as Aer Lingus or Bank of Ireland must also recognise Gaelic names.

Aithníonn an leasú seo freisin nach ionann leagan ainm i nGaeilge agus an leagan i mBéarla. Ar nós a lán daoine in Éirinn, bainim úsáid as leagan Béarla agus leagan Gaeilge de m’ainm - Lynn Boylan sa Bhéarla agus Lynn Ní Bhaoighealláin sa Ghaeilge. I got a shock when I looked at this amendment in Irish mar feicfidh tú Lynn Ní Bhaíolláin scríofa air. Ní sin m’ainm. Like the song says, "that's not my name". Níl anseo ach sampla beag den litriú mícheart ach níl sé sásúil go dtarlódh sé sin san Oireachtas.

Tá fadhb i bhfad níos measa ann le hainmneacha Béarla. Leis na blianta, tá ainmneacha na nGael aistrithe go Béarla gan aon bhunús seachas coilíneachas. Bhí ar Éireannaigh anseo, i Sasana nó i Meiriceá “Ó” a athrú go “O’”, leis an apostrophe. Ní chóir go mbeadh sé sin fós ar siúl i Stát neamhspleách, ach tá. We heard recently about Ciarán Ó Féinneadha, who went looking for his birth certificate and was told that Ciarán Ó Féinneadha did not exist. Fuair sé amach go raibh a shonraí athraithe go Ciaran Feeney, ainm nár úsáid sé riamh. Tá sé sin náireach agus léiríonn sé an gá atá leis an leasú seo. Ní saoirse go saoirse ár n-ainmneacha. I hope the Minister will accept this amendment and respect the right of somebody to have their name recognised as they use it in any business they conduct in the State.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.