Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 10:

I leathanach 11, líne 6, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “a bheidh an chumarsáid.”: “I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh an chumarsáid, cinnteoidh an comhlacht poiblí:

(a) go mbeidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús,

(b) go mbeidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla agus sa chlófhoireann chéanna agus den chló céanna agus den stíl chéanna,

(c) nach mbeidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla,

(d) maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl,

(e) nach ndéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, ar aistriúchán air é, giorraithe freisin.”.

Tá an leasú seo ag teacht ó Chonradh na Gaeilge. Tá sé mar atá scríofa ansin. Déanann sé an-chiall, maidir le cúrsaí cumarsáide, go mbeidh aon chumarsáid dhátheangach a dhéanfaidh comhlacht poiblí leis an bpobal cothrom ó thaobh leagan amach agus ó thaobh mhéid an téacs Gaeilge agus Béarla de. Déanann sé an-chiall mar atá scríofa agus tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit glacadh leis an leasú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.