Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

De réir mar a thuigim, faigheann an leasú seo réidh leis an deis atá againn rialacháin a dhéanamh maidir le hábhar agus leagan amach fógráin, cé go bhfuil forálacha molta sa Bhille anois, toisc gur éist an tAire Stáit le hargóintí Shinn Féin sa Dáil, maidir le hábhair mhargaíochta, rud a chuimseoidh fógráin a bheith clúdaithe faoin Acht ionas go mbeidh dátheangachas i gceist. Níl aon rud sa Bhille faoi leagan amach na cumarsáide sin.D’fhéadfadh sé go mbeadh an Béarla chun tosaigh i gcló mór agus píosa beag bídeach Gaeilge ar chúl ag an mbun i gcló beag iodálach. Is é sin an fáth go bhfuil leasú Uimh. 10 molta aige ag Sinn Féin, chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge chun cinn. Tá tacaíocht traspháirtí ag an leasú seo, atá bunaithe ar mholadh Chonradh na Gaeilge. An mbeidh an tAire Stáit in ann tacaíocht a thabhairt do leasú Uimh. 10? Gan an tacaíocht sin, bheadh sé an-doiligh tacaíocht a thabhairt don leasú seo, leasú Uimh. 9.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.