Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 7:

I leathanach 9, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar ailt 9, 33 agus 34 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear an Príomh-Acht—
(a) In alt 9, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘Acht 1961’ an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961;

tá le ‘sín tráchta’ an bhrí chéanna atá leis in alt 95 (arna leasú le halt 37(a)(ii) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994) d’Acht 1961.

(b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le síneacha tráchta nua a chuirfear in airde tar éis theacht i ngníomh an Achta seo, nó i gcás aon athnuachan nó athchóiriú a dhéanfar ar sheansín tráchta tar éis theacht i ngníomh an Achta seo, lena n-áirítear na síneacha sin a bhfuil feidhm ag Rialacháin faoi alt 95(2) d’Acht 1961 maidir leo agus na síneacha sin a bhfuil feidhm ag ordachán faoi alt 95(16) den Acht sin maidir leo.

(c) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le síneacha a bhí in airde roimh theacht i ngníomh an Achta seo seachas i gcás go mbeidh athnuachan nó athchóiriú á déanamh nó á dhéanamh orthu.

(d) Faoi réir fhorálacha an fho-ailt seo, maidir le haon sín tráchta a chuirfear in airde in aon suíomh sa Stát, is i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh sí d’ainneoin aon achtachán eile. I gcás sín tráchta i nGaeilge agus i mBéarla araon:
(i) beidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús;

(ii) beidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach leis an téacs i mBéarla nó níos feiceálaí ná é, chomh sofheicthe leis nó níos sofheicthe ná é, agus chomh hinléite leis nó níos inléite ná é;

(iii) ní bheidh na litreacha sa téacs i nGaeilge níos lú, ó thaobh méide de, ná na litreacha sa téacs i mBéarla;

(iv) maidir leis an téacs i nGaeilge, cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna leis an bhfaisnéis a chuireann an téacs i mBéarla in iúl;

(v) ní dhéanfar focal sa téacs i nGaeilge a ghiorrú mura rud é go bhfuil an focal sa téacs i mBéarla, arb é an t-aistriúchán air é, giorraithe freisin;

(vi) i gcás gurb ionann an téacs i nGaeilge agus an téacs i mBéarla nó gurb ionann logainm nó fuaimniú logainm i nGaeilge agus i mBéarla, is leor an leagan Gaeilge;

(vii) d’ainneoin ghinearáltacht an fho-ailt seo, féadfar síneacha tráchta a chur in airde ar síneacha iad atá de réir Chóras Idirnáisiúnta na nAonad arna ghlacadh ag an Bureau Internationale des Poids et Mesures, arna bhunú le Coinbhinsiún an Mhéadair a síníodh i bPáras in 1875; agus

(viii) i gcás ordú logainmneacha faoi alt 32 a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, déanfar an leagan Gaeilge den fhocal nó de na focail a bheidh sonraithe san ordú a úsáid in aon síneacha tráchta a chuirfear in airde.
(e) I gcás go mbeartófar sín tráchta i nGaeilge agus i mBéarla a shuíomh, agus de thoradh téacs sa dá theanga sin a bheith uirthi, go mbeadh an tsín rómhór, gur dheacair í a léamh nó gur dhócha go mbeadh sí ina bacainn, nó gur dhócha, le linn do dhaoine í a léamh, gur bhaol dóibh féin nó do dhaoine eile a bheadh inti, féadfar, ina ionad sin, dhá shín a chur ar an suíomh sin, a mbeidh an fhaisnéis lena mbaineann i nGaeilge ar cheann amháin díobh agus i mBéarla ar an gceann eile, ar choinníoll go ndéanfar na forálacha i bhfomhíreanna (c)(ii) go (viii) a chomhlíonadh.

(f) I gcás coimhlint nó díospóid maidir le logainm i suíomh ar bith sa Stát, déanfar cinneadh maidir leis an leagan oifigiúil ceart de réir ailt 31 agus 32, agus cloífidh gach comhartha bóthair lena gcinntí.”,
(b) In alt 33, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):
“(1) Ar an agus ón 1 Eanáir 2025, ní bheidh feidhm ná éifeacht ach amháin ag an leagan Gaeilge de logainm, lena n-áirítear an síneadh fada ar ghutaí, ach sin gan dochar d’aon ní arna dhéanamh roimh an dáta sin nó dá éis lena n-áirítear úsáid an leagain sin seachas a úsáid—
(a) in aon Acht den Oireachtas a rithfear tar éis an dáta thuasluaite nó in aon ionstraim reachtúil a dhéanfar tar éis an dáta sin faoi aon Acht,

(b) i cibé léarscáileanna a fhorordófar, is léarscáileanna arna n-ullmhú agus arna bhfoilsiú ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann nó le cead uaithi tar éis an dáta thuasluaite,

(c) ar chomhartha bóthair nó sráide nua nó athchóirithe arna chur suas ag údarás áitiúil nó thar a cheann tar éis an dáta thuasluaite, nó

(d) ar chomhartha nó ar fhógrán nua nó athchóirithe, nó i gcomhfhreagras nó i gcumarsáid oifigiúil arna chur suas nó arna cur suas nó arna eisiúint nó arna heisiúint i nGaeilge, i mBéarla, nó in aon teanga eile, ag comhlacht poiblí ar bith, nó ag tríú páirtí a sholáthraíonn seirbhís don phobal thar ceann comhlacht poiblí, lena n-áirítear seirbhísí iompair phoiblí, tar éis an dáta thuasluaite.
(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhlacht dá dtagraítear in alt 31 den Acht seo de bhun iarratas ó údarás áitiúil maidir le háit nó suíomh ar leith arna riaradh ag an údarás áitiúil sin, agus i gcás eisceachtúil amháin ina bhfuil luach oidhreachta nó eacnamaíochta ar leith ag baint le feiceálacht leagain eile dá logainm, a dhearbhú le hordú gur féidir leagan den logainm i dteanga eile seachas an Ghaeilge a úsáid ar léarscáileanna nó ar chomhartha nó ar fhógrán nó i gcomhfhreagras nó cumarsáid oifigiúil eile i dteannta an logainm oifigiúil Gaeilge.

(3) Déanfaidh an tAire gach ordú lena mbaineann fo-alt (2) a chur faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beith an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(4) Ní cheadófar dearbhú faoi fho-alt (2)—
(a) i ndáil le haon áit i limistéar Gaeltachta, de réir Acht na Gaeltachta, 2012,

(b) i ndáil le haon logainm a bhfuaimnítear a leagan sa teanga nó sna teangacha eile mar a fhuaimnítear an logainm oifigiúil Gaeilge, nó

(c) i ndáil le haitheantas stáit a thabhairt do logainm Béarla a cruthaíodh mar chuid d’iarrachtaí na Suirbhéireachta Ordanáise béarlú a dhéanamh ar logainmneacha dúchasacha idir 1824 agus 1846.
(5) I gcás go ndéanfaidh an tAire dearbhú faoi fho-alt (2), beidh an logainm oifigiúil Gaeilge scríofa i gcló atá níos mó agus níos feiceálaí ná an teanga nó na teangacha eile.

(6) I gcás coimhlint nó díospóid maidir le logainm i suíomh ar bith sa Stát, déanfaidh an comhlacht dá dtagraítear in alt 31 den Acht seo, cinneadh maidir leis an leagan oifigiúil ceart, agus cloífidh gach comhlacht poiblí lena chinntí.”,
(c) In alt 34, trí “agus i dteangacha eile de réir mar is cuí de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003” a chur in ionad “nó i mBéarla agus i nGaeilge”.”.

Dúirt Dúbhglas de hÍde, sular ceapadh é mar Sheanadóir nó mar chéad Uachtarán an Stáit, i léacht an-cháiliúil dar teideal “The Necessity for De-Anglicising Ireland” in 1892, bliain sular bhunaigh sé Conradh na Gaeilge, “I hope and trust a native Irish Government will be induced to provide for the restoration of our place-names on something like a rational basis.” Beagnach 100 bliain tar éis native Irish government a bhunú, fós níl an sprioc seo bainte amach. Ní hamháin nach bhfuil ath-Ghaelú déanta ar logainmneacha ach tá tosaíocht áite tugtha do logainmneacha Béarla ar chomharthaí bóithre ar fud an Stáit. Tá daoine ann a shíleann gur gnáthrud é an Ghaeilge a fheiceáil scríofa i gcló iodálach agus níos lú ná an Béarla. Sin an teachtaireacht atá tugtha; gur an Béarla ár bhfíor-theanga agus nach bhfuil sa Ghaeilge ach rud tánaisteach agus suarach atá ann mar mhaisiú.

Creideann Sinn Féin in ath-Ghaelú an Stáit. Déanann an leasú seo dhá rud a athrú, gan costas ar bith ar an Stát. An chéad athrú ná, i gcás aon síneacha tráchta nua atá curtha in airde nó aon cheann atá athchóirithe sa Stát, go mbeidh an Ghaeilge ar a laghad chomh feiceálach leis an mBéarla. Gheall an Tánaiste, an Teachta Leo Varadkar, go ndéanfadh sé an méid seo agus é mar Aire Iompair ach ní dhearna.

An dara moladh, seachas i gcás eisceachtúil, ná nach mbeidh feidhm sa dlí ag leagan Béarla de logainm ó 2025 ar aghaidh. Nílimid ag déanamh logainm Béarla a chosc. Beidh cead ag daoine a rogha téarma a úsáid ach i gcás an Stáit ní bheidh feidhm oifigiúil ach ag logainmneacha Gaeilge. Rinneadh é seo tráth i gcásanna áirithe ar nós Dún Laoghaire, mar atá molta ag an Seanadóir Barry Ward go minic, Port Laoise agus Cóbh. Ba chóir aitheantas a thabhairt go raibh éagóir déanta ar mhuintir na hÉireann nuair a rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis Béarlú coilíneach ar logainmneacha na tíre, mar atá sonraithe sa dráma Translationsde chuid Brian Friel. Ar nós tíortha eile a bhain saoirse amach, ón India go dtí Buircíne Fasó, tá sé de dhualgas orainn an éagóir sin a chur ina cheart agus ár logainmneacha dúchasacha a chur chun cinn arís. Níl ach litriú gan ciall sna leaganacha Béarla don chuid is mó ar aon nós. Cén fáth an mbeadh Oola scríofa in áit Úlla, nó fiú Drogheda in áit Droichead Átha? Briseann na logainmneacha seo ár nasc leis an timpeallacht agus le brí na bhfocal a chuimsíonn stair ár sinsir.

Sna Sé Chontae bíonn orainn fós troid chun Gaeilge a fháil ar chomharthaí. Nuair a éiríonn linn, áfach, bíonn comhstádas ag an nGaeilge leis an mBéarla. Tá sé náireach nach bhfuil a leithéid fiú i bhfeidhm anseo, áit a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga. Ní bheidh feidhm ag an leasú seo ach ar rudaí atá déanta sa todhchaí, agus mar sin níl aon chostas i gceist seachas toil an Rialtais agus na Seanadóirí eile anseo. Tá sé orainn mar Sheanadóirí aisling an Chraoibhín Aoibhinn a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.