Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 4:

I leathanach 9, idir línte 29 agus 30, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Cairt na Gaeilge

4.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an gCuid nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid 1 (Réamhráiteach agus Ginearálta):
“CUID 1A CAIRT NA GAEILGE
Cairt a ullmhú don Ghaeilge

5.(1) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le pobal labhartha na Gaeilge agus le hOifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla maidir le riachtanais an phobail, agus tráth nach déanaí ná bliain ó Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a achtú, dréacht-Chairt, ar a dtabharfar Cairt na Gaeilge, a ullmhú agus a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, is cairt a bheidh bunaithe ar mhúnla Chairt na Fraincise, nó an Charte de la langue française sa Fhraincis, in Québec i gCeanada, agus lena ndéanfar bunchearta teanga cainteoirí Gaeilge sa Stát a shoiléiriú agus a threisiú ar bhonn reachtúil, le toil Thithe an Oireachtais.
(2) Sonrófar sa dréacht-Chairt a luaitear i bhfo-alt (1):

(a) amchlár ina mbeidh spriocdhátaí faoina mbeidh sé beartaithe ag an Rialtas na forálacha éagsúla den Chairt a bheith curtha i bhfeidhm ina n-iomláine;

(b) moladh i leith ceart do gach duine go ndéanfadh na comhlachtaí seo a leanas cumarsáid leis nó léi i nGaeilge:
(i) comhlachtaí riaracháin shibhialta;

(ii) comhlachtaí seirbhísí sláinte agus sóisialta;

(iii) cuideachtaí fóntais phoiblí;

(iv) cuideachtaí Stáit;

(v) eagraíochtaí Státmhaoinithe;

(vi) corparáidí gairmiúla;

(vii) ceardchumainn; agus

(viii) gach cuideachta a dhéanann gnó sa Ghaeltacht;
(c) moladh i leith ceart do gach duine Gaeilge a labhairt in aon tionól poiblí;

(d) moladh i leith ceart d’oibrithe sa Ghaeltacht a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge;

(e) moladh i leith ceart do thomhaltóirí earraí agus seirbhísí sa Ghaeltacht go gcuirfí ar an eolas iad i nGaeilge agus go ndéanfaí freastal orthu i nGaeilge;

(f) moladh i leith ceart do gach duine atá i dteideal oideachas sa Stát an t-oideachas sin a fháil trí mheán na Gaeilge;

(g) moladh i leith dhualgas an Stáit gach a dhéanamh laistigh dá raon gníomhaíochta chun an Ghaeilge, mar phríomhtheanga oifigiúil, a bhunú agus a chaomhnú ina stádas mar an teanga náisiúnta agus í a aithint mar an teanga náisiúnta chun gach críche oifigiúla.”.”.

Baineann an leasú seo le cairt a thabhairt isteach ina leagfar amach cearta teanga an duine. Is iondúil gur teanga an Stáit í agus creideann Sinn Féin gur cóir go mbeadh cearta teanga an duine comhaitheanta agus comhchosanta in Éirinn Thuaidh agus Theas, díreach is atá siad in aon tír eile. Ba chóir dea-chleachtas a chur i bhfeidhm. Dúirt an Coimisinéir Teanga i gComhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge cúpla mí ó shin gur míthuiscint atá ar an Stát go mbíonn bunchearta teanga ag brath ar acmhainní agus tosaíochtaí agus nár chóir go mbeadh aon choimhlint idir soláthar seirbhísí éigeandála agus soláthar cearta reachtúla teanga mar a bhí curtha i leith comhlachtaí Stáit go rialta le linn na paindéime.

Ní bhronnann an Stát ceart ar dhaoine. Tá cearta ag daoine mar bhunús agus is é ról an Stáit na cearta sin a shonrú sa dlí agus a chosaint. I gcás na Gaeltachta, áit a bhfuil an Ghaeilge ceaptha a bheith mar phríomhtheanga an phobail fós, ní bhíonn bunseirbhísí an Stáit ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil bhunreachtúil, cé gur gealladh dóibh iad in 1926. Tá masla á dhéanamh ag an Stát seo ar chearta mionlaigh agus ar chearta teanga an duine. I dtíortha eile, bíonn cearta teanga sonraithe go soiléir. Tá an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i bhfeidhm ag an gComhairle Eorpach, rud a thugann meicníocht idirnáisiúnta do Ghaeilgeoirí sna Sé Chontae chun sásamh a fháil ar a gcearta teanga, mar shampla, ach nil feidhm ag an gcairt sna Sé Chontae is Fiche. B’fhéidir gur chóir don Aire Stáit machnamh a dhéanamh chun an chairt sin a shíniú.

I leasú eile níos déanaí, tá forálacha ón mBeart Breatnaise sa Bhreatain Bheag molta againn. Sa leasú seo, áfach, is múnlú Cheanada atá á mholadh againn, is é sin ceart na Fraincise i Québec. Níl mé ag iarraidh é sin a rá i bhFraincis mar níl mo chuid Fraincise chomh flúirseach sin is atá mo chuid Gaeilge. Leagtar amach bunchearta teanga sa chairt seo maidir le húsáid na Gaeilge le comhlachtaí poiblí agus cuideachtaí eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.