Seanad debates

Wednesday, 10 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

10:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a ghlac páirt sa díospóireacht seo. D'ardaigh an Seanadóir Clifford-Lee ceist na reachtaíochta teanga sa Tuaisceart. Is féidir liom a dheimhniú gur mian le mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Coveney, tacú le gach deis gur féidir chun an cheist seo a bhrú chun ceann scríbe. Leanfar leis an obair seo sna míonna amach romhainn.

D'iarr an Seanadóir Kyne an mbeidh suíochán don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag an gcoiste comhairleach. Níl gá leis sin. Beidh suíocháin ag oifigigh de chuid na Roinne sin ar an gcoiste agus táim muiníneach go mbeidh siad in ann tuairisciú ar ais chuig an Aire maidir leis an obair sin. Chomh maith leis sin, beidh an coiste ag tuairisciú chuig an Rialtas maidir leis an dul chun cinn a dhéantar.

D'ardaigh an Seanadóir ceist na seirbhíse Childline freisin. Níl sé sásúil domsa mar Aire Stáit le freagracht don Ghaeltacht nach mbeadh seirbhís Childline ar fáil do chainteoirí óga Gaeilge. Níl Childline luaite faoi Sceideal na ngnólachtaí poiblí atá clúdaithe faoin Acht mar atá sé faoi láthair. B'fhéidir go mbeidh a leithéid d'eagraíocht clúdaithe nuair a bheidh an Bille seo achtaithe agus go leagfar dualgais teanga ar eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil ar son an Stáit. Beimid ag breathnú go géar ar an gceist seo sna míonna amach romhainn.

Tagraím don méid a dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile. Tá na rialacha faoina leagfar síos na caighdeáin á n-ullmhú faoi láthair. Foilseofar iad de réir a chéile nuair a bheidh an Bille achtaithe ag próiseas comhairliúcháin ina leith sula gcuirfear iad i bhfeidhm.

D'ardaigh an Seanadóir Sherlock roinnt pointí maithe agus táim ag súil leis na pointí sin a phlé ar Chéim an Choiste.

D'ardaigh an Seanadóir Murphy roinnt ceisteanna tábhachtacha maidir le cúrsaí craolacháin. Cé go bhfuil an cheist sin taobh amuigh de scóip an Bhille seo, aontaím gur ceart go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisteáil ar an raidió áitiúil agus ar TG4.

D'ardaigh an Seanadóir Buttimer ceist maidir leis an síneadh fada. Tá an ceart aige sa mhéid a dúirt sé agus réiteoidh an Bille seo go leor de na fadhbanna sin.

Luaigh na Seanadóirí Maria Byrne agus Boylan an Ghaeilge san Aontas Eorpach. De bharr iarrachtaí móra san earnáil tríú leibhéal in Éirinn agus in institiúidí an Aontais, beidh stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre ag deireadh na bliana seo. Ní trí thimpiste a tharla seo ach tríd an obair mhóir atá déanta ag an Rialtas.

D'ardaigh an Seanadóir Ward ceist na tacaíochta don Ghaelscolaíocht. Aontaím leis agus tá go leor oibre ar bun trí scéim teanga de chuid Glór na nGael agus tríd scéimeanna Fhoras na Gaeilge agus mo Roinne le tacú le pobal na scoileanna sin an teanga a úsáid taobh amuigh den scoil.

Luaigh an Seanadóir Dolan roinnt moltaí atá ag Conradh na Gaeilge. Tá mo chuid oifigigh tar éis labhairt leis an gconradh cheana faoi na moltaí sin agus beidh mé ag breathnú orthu i gcomhthéacs leasuithe ar Chéim an Choiste.

Aontaím leis na Seanadóirí Davitt agus Kyne go bhfuil dúshlán ann, ach tugann an Bille seo teachtaireacht an-tábhachtach do dhaoine óga go mbeidh go leor deiseanna leis an teanga, go mbeidh siad in ann í a úsáid tríd an státchóras, agus go mbeidh níos mó cearta ag daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht chun an teanga a úsáid an t-am ar fad. Táim sásta go mbeimid in ann an sprioc seo a bhaint amach.

Beidh orm breathnú ar straitéis uaillmhianach agus na rialacha a fhorbairt chun daoine óga a spreagadh chun an teanga a fhoghlaim. Tá sé déanta agam cheana ag leibhéal an Aontas Eorpaigh agus táim muiníneach go n-éireoidh leis an mBille. Beidh struchtúr nua ann chun na pointí seo a chur i bhfeidhm. Is féidir liom a chur in iúl don Seanadóir Carrigy go bhfuil coiste bunaithe idir mo Roinn agus Roinn an Aire Oideachais, an Teachta Foley, chun na ceisteanna a d'ardaigh sé a phlé. B'fhéidir go mbeidh seans agam na pointí sin a phlé i ndiaidh na díospóireachta seo.

D'ardaigh an Seanadóir McGreehan roinnt pointí tábhachtacha agus aontaím le go leor a bhí le rá aici. Tá súil agam go mbeidh níos mó deiseanna chun an teanga a fheabhsú i gContae Lú.

Comhlánófar leis an mBille na forálacha atá in Acht na Gaeltachta, 2012. Is iad seo forálacha a bhaineann le pleananna teanga a fhorbairt i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus i líonraí Gaeilge. Beidh cur i ngnímh iomlán na bhforálacha sin ag brath go mór ar sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go mór ar an Rialtas agus an pobal a bheith ag obair as lámha a chéile.Tá a fhios againn sa Rialtas go bhfuil dearcadh an-dearfach ag tromlach an phobail i leith na Gaeilge. Tá obair leanúnach ar bun againn tríd na scéimeanna éagsúla maoinithe ag mo Roinn, ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge chun timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal cumais atá acu inti.

Aithním agus tuigim go maith gur ag obair i gcomhar lena chéile agus ar bhonn tras-rialtais is fearr a bhainfimid torthaí fónta amach chun an Ghaeilge a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Ar an mbonn sin, gabhaim buíochas le Baill den Fhreasúra agus leis na geallsealbhóirí uile a chuidigh linn teacht go dtí an pointe seo leis an mBille teanga. Táim an-bhuíoch as a gcúnamh. Tá ardmholadh tuillte ag na heagraíochtaí ar fad ar fud na tíre a dhéanann obair na gcapall ar son na Gaeilge. Táim lán-chinnte go mbeidh an Bille teanga níos láidre de bharr a n-ionchur agus go mbeidh an Ghaeilge níos láidre agus le cloisteáil níos forleithne sna blianta amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.