Seanad debates

Wednesday, 10 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

10:30 am

Photo of Barry WardBarry Ward (Fine Gael) | Oireachtas source

-----ach tá a fhios agam go bhfuil a lán Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí i mo cheantar féin. Tá Scoil Lorcáin ann i mBaile na Manach, tá Gaelscoil Phádraig i mBaile Breac, tá Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin i Stigh Lorgan agus tá Gaelscoil Laighean, Gaelscoil nua atá againn, i nGráinseach an Déin freisin. Tá a lán teaghlach i nDún Laoghaire dá bharr a labhraíonn Gaeilge sa bhaile agus caithfimid tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh sin. Ag an am céanna bhí an-fhadhb againn suíomh a fháil le haghaidh Gaelscoil Laighean, mar shampla. Faoi láthair tá an scoil suite in iarbhialann i nGráinseach an Déin agus bhí an-jab le déanamh gan an Ghaelscoil sin a chur i bhfoirgneamh i nDún Laoghaire nach raibh i gceart di. Fiú amháin agus muid ag labhairt i gcónaí faoi na Gaelscoileanna agus ag rá go bhfuil tacaíocht ann dóibh, tá a fhios againn go bhfuil fadhbanna acu freisin. Tá súil agam go mbeidh fíorthacaíocht ann, leis an mBille seo, do na Gaelscoileanna atá ag iarraidh a bheith ann agus fás a dhéanamh chun níos mó daltaí a bheith acu.

Rud atá an-tábhachtach ar fad, agus is rud a labhair mé faoi cheana féin, ná hainmneacha agus an síneadh fada a bheith ar fáil do dhaoine a úsáideann a gcuid ainmneacha trí Ghaeilge. De ghnáth úsáidim m’ainm as Béarla ach ó am go ham úsáidim Barra Mac an Bháird in ionad Barry Ward. Mar dhuine atá ina chónaí i nDún Laoghaire, tá a fhios agam an trioblóid atá ann mura n-úsáidtear an síneadh fada ar Dhún Laoghaire. Fiú amháin i nDún Laoghaire, feictear fógraí nach bhfuil an síneadh fada ann. Tá jab le déanamh i gcónaí ansin. Bíonn trioblóid ag gach duine a úsáideann síneadh fada de ghnáth nó gach lá agus tá an-fhadhb acu. Cuirim an-fháilte mar sin roimh na rudaí atá in alt 4 den Bhille a chuireann ailt nua 9A go 9D sa Phríomh-Acht. Déarfainn, áfach, gur cheart dúinn níos mó a dhéanamh, ní hamháin maidir leis na seirbhísí poiblí ach maidir leis na seirbhísí agus na comhlachtaí príobháideacha a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine anseo agus go mbeadh seans acu an síneadh fada a úsáid freisin.

Labhair mé i gComhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar fhógraíocht freisin. Níl sé sa Bhille. Tá fógraíocht ar siúl, fiú amháin ar TG4, agus ní hamháin go bhfuil sí trí Bhéarla ach is trí mheán Sasanach atá sí. Is iad sin fógraí a thagann anseo ó Londain nó ó áit éigin mar sin le blas Sasanach orthu agus caithfimid níos mó a dhéanamh chun é sin a scriosadh amach ó thaobh cultúir de.

Bhí mo chomhghleacaí, an Seanadóir Maria Byrne, ag labhairt faoin méid aistriúcháin atá ar fáil san Aontas Eorpach. Bhí mé i mo bhall de Choiste na Réigiún agus bhí seans agam Gaeilge a labhairt sa hemicycle sa Bhruiséil i bParlaimint na hEorpa agus bhí sé sin an-tábhachtach ar fad. Ba mhaith liom focal a rá, mar sin, faoi Mhícheál Ó Conchubhair atá ag obair ansin. Is Éireannach é agus nílimid sa pháirtí céanna ach bhí an-fháilte aige romhainn i gcónaí. Má bhíomar chun cúpla focal Gaeilge a labhairt sa Pharlaimint nó sa choiste, bhí sé ann chun tacaíocht a thabhairt dúinn.Tá daoine cosúil le Mícheál Ó Conchúir, ar fud an domhain, go háirithe san Eoraip, atá ag tabhairt tacaíochta do dhaoine ar mhaith leo Gaeilge a labhairt chun seans a thabhairt dúinn an cúpla focal a úsáid. Tá an-mheas agam ar dhaoine cosúil leis na daoine a labhair anseo inniu nach dtagann an Ghaeilge go héasca dóibh ach a dhéanann iarracht í a labhairt. Is éard atá ag croí an Bhille seo ná an iarracht a dhéanamh agus seans a thabhairt do dhaoine ar mhaith leo an Ghaeilge a úsáid. Cuirim fáilte roimh an mBille agus tá súil agam go n-éireoidh go breá léi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.