Seanad debates

Wednesday, 10 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

10:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl as ucht na deise labhairt sa Seanad tráthnóna ar ábhar fíorthábhachtach, Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Tá sé tráthúil go bhfuil an Bille teanga á phlé againn inniu. Mar a tharlaíonn sé, ar an dáta seo níos mó ná 140 bliain ó shin, 10 Samhain 1879, rugadh an laoch mór le rá, Pádraig Mac Piarais.

Mar is eol do na Comhaltaí, tá clú agus cáil ar an bPiarsach mar fhear a raibh dúil mhór i gcónaí aige i gcur chun cinn na Gaeilge, mar fhile, mar scríbhneoir, mar mhúinteoir agus dar ndóigh mar gníomhaí mór le rá. Go bunúsach, bhí sé tiomanta i leith na Gaeilge. Bhí sárthuiscint aige ar an ngaol idir an pobal agus an Ghaeilge mar aon leis na himpleachtaí cultúrtha agus sóisialta a d'eascair as an ngaol sin. Thuig an Piarsach gurb í an Ghaeilge an tsnáthaid a cheangal na coincheapa is bunúsaí le chéile. Is cuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár n-oidhreacht í an Ghaeilge. Ba é duine de na laochra is mó le rá a bhí ceangailte leis an nGaeilge. Táim lánchinnte gur spreag sé daoine eile chun a gcuid Gaeilge a úsáid agus a bheith bródúil as ár n-oidhreacht teanga.

Dar ndóigh, tagann ceart an duine an Ghaeilge a labhairt le heagraíochtaí Stáit faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Tá an cheist seo faoi chaibidil againn inniu agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 á phlé againn. Mar is eol do Sheanadóirí, is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Éirinn de réir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann. Luaitear san airteagal gurb é an Béarla an dara teanga oifigiúil sa Stát. Tá stádas láidir bunreachtúil ag an nGaeilge ó 1937 go dtí an lá inniu. Mar sin, ba mhaith liom díriú ar an gcúlra a bhaineann leis an mBille teanga le comhthéacs a thabhairt don phlé inniu.

Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i mí Iúil 2003. Ba é príomhaidhm na hAchta sin ná timpeallacht a chruthú ina mbeadh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit. Bhí sé i gceist go mbeadh an teanga níos feiceálaí, go mbeadh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge agus go mbeadh tuiscint níos fearr ag an saoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di, agus ar cén caighdeán seirbhíse ar cheart a bheith ag súil leis.

Bhí deis ag an bpobal a gcuid tuairimí a roinnt linn sular dréachtaíodh an Bille seo nuair a cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Bhí ionchur faighte ag oifigigh na Roinne ó réimse leathan de gheallsealbhóirí. Ba léir don Rialtas go raibh, agus go bhfuil, éileamh ann i measc an phobail ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, mar a bhí, agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo i mí Bealtaine 2018. Ba mhór an chabhair é agus an Bille teanga á dhréachtú ag oifigigh mo Roinne.

Ba mhaith liom an spotsolas a chur ar phríomhspriocanna an Bhille teanga. Mar is eol do Sheanadóiri, is é bunaidhm an Bhille seo ná a chinntiú go leanfaidh an tAcht teanga de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leis nó léi seirbhísí d'ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát. Dar ndóigh, chun na spriocanna uaillmhianacha seo a bhaint amach, bhí ar an Rialtas dul i ngleic le dhá mhórcheist - na scéimeanna teanga agus earcaíocht sa tseirbhís phoiblí.

Maidir le hearcaíocht sa tseirbhís phoiblí, má tá an córas nua seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn díriú ar chúrsaí earcaíochta mar thosaíocht. Is í ceann de na príomhfhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ná nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má tá muid chun feabhas a chur air seo, caithfidh an Stát líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta.Mar atá ráite agam go mion minic, beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge roimh dheireadh 2030, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar na héilimh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is é an earcaíocht croílár na ceiste agus tá sé i gceist tógáil ar bhonn chéimnitheach ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus ag eascairt as sin go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge.

Tá an Rialtas chun déileáil leis an bhfadhb seo trí chur chuige iltaobhach. Tugann mo Roinn tacaíocht láidir do chúrsaí tríú leibhéal faoi láthair agus cinntíonn sé go mbíonn deiseanna suntasacha ag daoine óga freastal ar chúrsaí ollscoile lán-Ghaeilge agus cáilíochta ardleibhéil a bhaint amach. De bharr sin beidh fórsa saothair níos oilte againn agus beidh na daltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge faoi láthair mar chuid lárnach den earnáil phoiblí amach anseo. Chomh maith leis sin tá sé i gceist coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair ríthábhachtach seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí tri mheán na Gaeilge a mhéadú.

Beimid ag tabhairt aghaidh ar chóras nua a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga. Cuireadh córas na scéimeanna ar bun chun cur le líon agus caighdeán na seirbhísí tri Ghaeilge a bheadh á gcur ar fáil ag na comhlachtaí poiblí don phobal. De réir an aiseolais atá faighte ag an Roinn thar na mblianta, bhí agus tá fós go leor deacrachtaí leis an gcóras. Luaigh an Coimisinéir Teanga na laigí a bhaineann le córas na scéimeanna teanga ina thráchtas orthu chomh maith. Ghlac an Roinn leis an aiseolas sin agus, mar chuid den Bhille, tá sé i gceist córas na gcaighdeán a thabhairt isteach anseo in Éirinn. Faoin gcóras seo, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí, ag baint úsáide as rialacháin chun caighdeáin a leagan síos do na comhlachtaí sin. Ar an mbealach seo, beimid in ann a chinntiú go mbeidh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de bainteach leis na heagraíochtaí a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

Ag díriú ar obair an lae inniu anois, chríochnaigh Céim na Tuarascála den Bhille se Dáil ar an 6 Deireadh Fómhair 2021. Mar a luaigh mé níos luaithe, agus go deimhin roimhe seo, is é príomhchuspóir an Bhille seo Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú d'fhonn soláthar seirbhísí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm leo líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Ceanglófar, le príomhfhorálacha eile, ar chomhlachtaí poiblí a éascú do dhaoine a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid i nGaeilge nuair a bheifear ag dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí agus ceanglófar ar gach comhlacht poiblí nua ainmneacha Gaeilge agus lógónna Gaeilge nó dátheangacha a bheith acu. Tabharfar éifeacht freisin leis an mBille do leasuithe is gá a dhéanamh ó tharla gur cuireadh deireadh leis an gCoimisiún Logainmneacha mar a fhoráladh sa phlean um athchóiriú na seirbhíse poiblí in 2011.

Mhol mé leasuithe breise chun an Bille a neartú ar Chéim na Tuarascála sa Dáil a thugann aghaidh ar ábhair imní agus ar shaincheisteanna a ardaíodh tar éis comhairliúchán forleathan le páirtithe leasmhara agus tar éis díospóireacht a mhair thart ar 25 uair an chloig ar Chéim an Choiste. Tá na leasuithe seo i gcomhréir le huaillmhian bheartais fhoriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus í a chur chun cinn. Feabhsóidh na leasuithe oibriú foriomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ag cinntiú go leanann an reachtaíocht iomchuí de ghníomhú ina sásra éifeachtach chun staid bhunreachtúil na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit a léiriú agus chun a chinntiú go bhfuil seirbhísí poiblí i nGaeilge ar fáil chun freastal a dhéanamh ar riachtanais cainteoirí Gaeilge.

I measc na bpríomhleasuithe, áirítear an méid seo a leanas: ceanglas ar dá réir a dhéanfaidh gach comhlacht poiblí 20% ar a laghad dá fhógraíocht bhliantúil i nGaeilge agus 5% dá fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge; ceanglas ar dá réir a bheidh síneadh fada ar fáil i ngach córas teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, TFC, a oibríonn comhlachtaí poiblí; ceanglas ar dá réir nach mór d’aon oibreoir tráchtála a sholáthraíonn seirbhísí poiblí faoi chonradh do chomhlacht poiblí socrú a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge mar chuid de na seirbhísí sin; agus coiste logainmneacha reachtúil a chur in ionad an Choimisiúin Logainmneacha chun comhairle a chur ar an Aire maidir le horduithe logainmneacha a dhéanamh.

Tá sé i gceist ag an Rialtas roinnt mhionleasaithe eile a mholadh don Teach seo ar Chéim an Choiste agus foilseofar iad i gceann seachtaine nó mar sin. Tá sé i gceist ag an Rialtas an spreagadh, an cúnamh agus an deis cheart a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil suim acu an Ghaeilge a fhoghlaim nó a athfhoghlaim trí háiseanna éagsúla a chur ar fáil dóibh. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun cuid de na deiseanna seo a shonrú. Tríd an tionscnamh ardscileanna Gaeilge, tá mo Roinn ag tacú le 12 cúrsa san earnáil tríú leibhéal i mbliana. Tá sé tábhachtach a thuiscint nach dtéann na céimithe ar fad ó na cúrsaí ar aghaidh chuig poist mar aistritheoirí agus go mbíonn cuid acu ag obair sa státchóras anseo in Éirinn.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Seanad as an tacaíocht a bhfuair mé féin agus oifigigh mo Roinne le linn an phróisis seo. Chuir an Seanadóir Seán Kyne, ina ról mar Aire Stáit na Gaeltachta, tús leis an obair thábhachtach seo nuair a thug sé an Bille seo os comhair an Oireachtais i mí na Nollag 2019. Tá buíochas ar leith ag dul don Seanadóir as an méid oibre a rinne sé ar son na Gaeilge. Bhí an obair a rinne an Seanadóir Kyne mar bhunchloch dom agus ina chuidiú mór dom agus mé ag cur leis an mBille teanga le os cionn bliain anuas anois. “Tír gan teanga, tír gan anam” a deir an sean-nath Gaeilge a chum an Piarsach. Is gnéithe fhíorthábhachtacha dár n-oidhreacht chultúrtha iad an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus is pribhléid dom dul chun cinn a dhéanamh mar Aire Stáit sa Rialtas seo chun an Ghaeilge a neartú agus a láidriú tríd an Bhille seo a achtú. Gabhaim buíochas leis an Teach agus táim ag tnúth leis an méid a déarfaidh gach duine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.