Seanad debates

Monday, 10 May 2021

Future of Banking in Ireland: Statements

 

10:30 am

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire. Ba mhaith liom an easpa seirbhísí baincéireachta do lucht labhartha na Gaeilge a phlé inniu leis an Aire Airgeadais. Faoi láthair ní féidir le daoine a gcuid baincéireachta a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo. Tá sé scanrúil i ndáiríre nuair a smaoinímid ar an ról lárnach atá ag an Stát sna bainc seo atá timpeall na tíre. Níl na suíomhanna Idirlín nó na haipeanna ar fáil trí Ghaeilge. Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire aitheantas don easnamh seo. An bhfuil aon phlean ag an Rialtas chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin? Ba cheart go mbeadh na príomhbhainc ar a laghad in ann seirbhísí ar líne a chur ar fáil trí Ghaeilge. B'fhéidir gurb é an rud ba chóir tarlú anois ná banc pobail a bhunú chun freastal ar lucht labhartha na Gaeilge. Rinne na Seanadóirí Chambers, Garvey, Gavan agus Craughwell tagairt do ghluaiseacht an bhainc pobail freisin agus táim ag tnúth leis an bhfreagra ón Aire. Tá sé an-tábhachtach dúinn go bhfuil seirbhís ann do lucht labhartha na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.