Seanad debates

Monday, 8 March 2021

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Róisín GarveyRóisín Garvey (Green Party) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit. Tá sé go deas iad a fheiceáil sa Seomra seo. Is seachtain iontach í seo. Gach bliain cuireann sí in iúl dom cé chomh i ngrá atá mé le mo theanga. Déanaim dearmad uaireanta í a úsáid chuile lá ach le cúpla seachtain anuas táim ag baint triail as níos mó Gaeilge a úsáid gach lá. Mar shampla, bhí mé sa mhargadh in Inis ar an Aoine agus tá fear ann as Cill Chisín, Keith, a bhíonn glasraí órgánacha á dhíol aige. Táim ag ceannach uaidh chuile Aoine le trí bliana anuas. Fuair mé amach an Aoine seo caite go bhfuil an-Ghaeilge aige mar bhí mé ag labhairt Gaeilge le duine eile agus thosaigh seisean ag caint Gaeilge. Tá Gaeilge ag a lán daoine ach tá sí saghas faoi bhfolach. Chuir sé smaoineamh i m’aigne faoin fháinne a athbheochan nó rud éigin. Tá an fáinne airgid agus an ceann óir ann. Má tá an ceann airgid ag duine ní chaithfidh siad a bheith flúirseach, just deir sé go bhfuil grá ag an duine don teanga agus go bhfuil sé nó sí sásta cúpla focal a úsáid. B’fhéidir gur féidir linn rud éigin cosúil leis sin a athbheochan nó smaoineamh air sin mar tá daoine le Gaeilge i ngach áit ach ní bhíonn a fhios ag daoine eile go bhfuil Gaeilge acu. Tá siad sásta Gaeilge briste a úsáid agus deirtear gur fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste. Aontaím go hiomlán leis an abairt sin. Sin an rud a tháinig i m’aigne ar an Aoine. B’fhéidir go bhféadfaimid rud éigin simplí cosúil leis an bhfáinne óir agus an fáinne airgid a athbheochan.

Is sean teanga í ár dteanga. Tá an t-ádh linn go bhfuil sí anseo le 2,500 bliain. Thosaigh sí mar theanga labhartha amháin agus níor scríobhamar í ar feadh cúpla céad bliain. Ar dtús bhí sí labhartha agus ansin tháinig an teanga scríofa ón ogham. Bhí mise ag múineadh Gaeilge uair i meánscoil agus thosaigh mé leis an ogham agus thaispeáin mé do na daltaí nach bhfuil ach 18 litir inár dteanga. Níl sí cosúil leis an aibítir Béarla ar chor ar bith. Sin botún a dhéantar uaireanta. Ceapann daoine go bhfuil an Ghaeilge cosúil leis an mBéarla ar shlí éigin agus bíonn siad ag iarraidh í a léamh nó í a labhairt cosúil leis an mBéarla. Caithfimid a bheith an-chruinn gur teanga i bhfad níos deise í, atá an-difriúil ón mBéarla. Caithfimid é sin a aithint. Bíonn daoine ag iarraidh í a fhoghlaim ach roimhe sin caithfidh siad aitheantas a thabhairt don teanga gur teanga an-difriúil í. Is teanga i bhfad níos deise í.

Thirty-Two Words for Fieldan teideal atá ar an leabhar nua atá ag Manchán Magan. Tá 30 focal i nGaeilge i gcomhair grá agus tá 50 focal i gcomhair báisteach ach ní aon ionadh é sin. Tá ár dteanga chomh ildaite. Uaireanta, ó fuair mé mo Ghaeilge ó mo chluas, bím ag rá rudaí i nGaeilge agus ansin bíonn orm iad a aistriú go Béarla. Níl sé éasca iad a aistriú mar tá siad chomh hálainn i nGaeilge i slí áirithe. Mar shampla, is saghas term of endearment atá i “mo chuisle”. Literally “my pulse” atá ann ach ní hé sin atá i gceist. Ciallaíonn “mo chuisle” go bhfuil mé chomh i ngrá leis an duine, gur saghas good vibration nó rud éigin atá i gceist. Tá a lán focal álainn cosúil le “mo chuisle” nach bhfuilimid in ann a rá trí Bhéarla.Is é sin sampla an-bheag amháin. Tháinig sé ón 18 litir agus tháinig na litreacha sin ónár gcrainn, cosúil leis an litir "C" a tháinig ó "coll", an hazel tree, cosúil le Dromcolliher, Droim Collchaille, the back of the hazel wood. Tháinig Cill Dara ó the church of the oak. Dara is ea oak ón litir "D" sa tSean-Ghaeilge. Tá an-saibhreas ann nach bhfuil i mBéarla agus tá sé saghas caillte agus b’fhéidir nuair atáimid ag caint faoin nGaeilge a mhúineadh ba chóir an saibhreas seo a thabhairt léi mar gheall ar na scéalta a bhaineann leis na crainn agus leis na sean-litreacha agus ainmneacha.

Déarfaidh mé le gach duine go gcaithfidh siad an dráma sin, Translations, a scríobh Brian Friel a léamh nó a fheiceáil mar is ceann de na drámaí is fearr riamh é má tá duine ag iarraidh a thuiscint cé chomh tábhachtach is ata an Ghaeilge ó thaobh ainmneacha áite. Tá an scéal ann nuair a tháinig na Sasanaigh chun an colonisation a dhéanamh orainn, agus is píosa tábhachtach den colonisation é mar má tá daoine ag iarraidh nó má bhfuil sé ar intinn acu daoine a tharraingt ón a gceantair, caithfí an-obair a dhéanamh ar na hainmneacha a athrú mar tá an méid sin bainte acu le daoine agus le háit. Mura dtuigeann duine ainm as Gaeilge, níl aon mheas ag an duine sin ar an áit. Mar shampla, má fhéachtar ar Portarlington, is é sin as Gaeilge ná Cúil an tSúdaire, the back of the tannery ach ní bhaineann Portarlington le faic.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.