Seanad debates

Monday, 8 March 2021

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire, an Teachta Catherine Martin, a d'fhás aníos i mo chomharsanacht féin, agus roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers, a dtagann as Dáilcheantar ina bhfuil mionlach mór ó Chontae an Chabháin. Is cúis áthais faoi leith dom Seachtain na Gaeilge a ceiliúradh agus páirt a ghlacadh sa díospóireacht agus sna ráitis thábhachtacha seo. Molaim na scoileanna lán-Ghaelacha agus Conradh na Gaeilge, atá lárnach i Seachtain na Gaeilge. Is cuid bhunúsach dár gcultúr agus dár n-oidhreacht í ár dteanga. Tá ár litríocht, ár mbéaloideas, ár stair agus ár mothúcháin sáite inár dteanga stairiúil shaibhir. Ba chóir dúinn a bheith bródúil aisti agus gach iarracht a dhéanamh í a úsáid agus a athfhoghlaim. Rinne an Cathaoirleach agus mo chomhghleacaithe anseo an-iarracht giotaí beaga Gaeilge a úsáid le linn na seachtaine seo caite. Tréaslaím go mór leis sin agus molaim do na Seanadóirí an Ghaeilge a úsáid go poiblí agus go rialta ar ócáidí poiblí agus eadrainn féin. Is é sin an rud is bunúsaí. Tá dualgas orainn iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid aon uair gur féidir linn. Ní gá caighdeán ard a bheith againn. Beidh aon duine dea-bhéasach agus oilte tuisceanach linn. Níl aon rud níos tábhachtaí ná an teanga a labhairt, go háirithe dúinn féin atá san Oireachtas.

Tá moltaí eile pearsanta do na hAirí agam agus ba mhaith liom freagraí orthu. Tá sé thar a bheith tábhachtach níos mó daoine óga, agus déagóirí ach go háirithe, a mhealladh go dtí na Gaeltachtaí ar feadh tréimhse. Fuair mise mo ghrá don teanga agus don chultúr Gaelach i ngleanntáin ghlas Ghaoth Dobhair mar dhéagóir a bhí ag freastal ar an gcoláiste samhraidh. Ba chóir deontais níos fearr a chur ar fáil. Ba chóir go mbeadh an seans ag gach uile dhuine óg seal a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tá iarracht níos fearr an Ghaeltacht a fhógairt sna scoileanna agus béim láidir a chur uirthi riachtanach. Táim lán-chinnte nach bhfuil go leor déanta ag an mbomaite. Tá dul chun cinn agus chun feabhais riachtanach. Tá a fhios againn go bhfaigheann na mná tí deontais agus tacaíocht. An féidir é sin a mhéadú chun go mbeadh sé níos saoire do dhaoine óga dul ann? Ba chóir go mbeadh an tástáil don Ghaeltacht saor in aisce chomh maith.

Is é an dara moladh atá agam ná go mbeadh an-bhéim ar an teanga labhartha i ranganna Gaeilge sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna. Tá a fhios agam go bhfuil feabhas tagtha air ach caithfear béim a choimeád air sin.Is cabhair mhór í an 40% sa bhéalscrúdú san ardteistiméireacht. Ba mhaith liom freagraí ón Aire agus ón Aire Stáit ar stádas agus úsáid na Gaeilge sna ranganna agus sna scoileanna.

Cé go bhfuil meath ar úsáid na teanga sa Ghaeltacht agus gur trua sin, tá níos mó measa uirthi taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl éinne náireach fúithi anois, cosúil leis an 19ú aois agus tús an 20ú aois. Mar sin, tá seans againn ciorcail chomhrá a bhunú ar fud na tíre. Is féidir leis an Roinn, an tAire agus an tAire Stáit níos mó tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do na ciorcail theanga. Molaim dóibh staidéar a dhéanaimh air sin. Tá feabhas tagtha ar an méid comhlachtaí agus logainmneacha as Gaeilge ar fud na tíre ach ba chóir níos mó a dhéanamh. Molaim don Aire é sin a dhéanamh.

Is fiú agus tá sé riachtanach an méid státseirbhísigh le Gaeilge a mhéadú agus an tseirbhís trí mheán na Gaeilge a fhorbairt agus a fheabhsú. Tá mo mhac is óige sa dara bliain in Institiúid Oideachais Marino. Cé nach bhfuil sé páirteach, is iontach an rud é go bhfuil an chéim ar fáil trí mheán na Gaeilge anois. Sa choláiste iontach sin, tá an-bhéim ar an nGaeilge. Tá se sin riachtanach i ngach institiúid oideachais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.