Seanad debates

Monday, 8 March 2021

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Jerry ButtimerJerry Buttimer (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte mhór roimh an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus an Aire Stáit, an Teachta Chambers. Cuirim fáilte roimh an bplé ar an nGaeilge agus an teanga atá ar bun inniu. Tréaslaím le coiste Ghaeilge an Oireachtais as an sárobair atá ar siúl faoi stiúir an Teachta Calleary. Leagann mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ward, béim ar an teanga leis an nGaeilge atá a úsáid aige sa Teach agus go laethúil. Tá bród orm mar gheall ar an obair atá á déanamh ag an Seanadóir Ward. Is linn ar fad an Ghaeilge agus is deis atá ann dúinn ár dteanga, gcultúr agus n-oidhreacht a thaispeáint go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Táimid ag plé na Gaeilge inniu. Mar a dúirt an Seanadóir Murphy, úsáideann Mícheál Ó Muircheartaigh an Béarla agus an Ghaeilge ar bhealach an-simplí, mar shampla le cúpla focal maidir le duine atá páirteach i gcluiche Chumann Lúthchleas Gael nó duine sa slua. Tá aithne ag gach duine ar Mhícheál Ó Muircheartaigh agus na focail a úsáideann sé.

Molaim an infheistíocht sa teanga agus molaim go gcuirfí leis an infheistíocht i gcás na Gaeltachta. Tugtar dún daingean na Gaeilge uirthi agus caithfimid gach tacaíocht a chur ar fáil di.

Molaim an obair sa Ghaeilge agus san oideachas. Tugaim faoi deara gur féidir oideachas trí Ghaeilge a fháil sa réamhscoil, sa bhunscoil, san iárbhunscoil agus sna coláistí. Le blianta beaga anuas, faoi stiúir an Dr. T.J. Ó Ceallaigh agus an Dr. Karen Ní Chlochasaigh, is féidir obair iarchéime trí Ghaeilge a dhéaanamh i gColáiste Mhuire gan Smál. Bail ó Dhia orthu as an obair go léir.

Is am an-tábhachtach é Seachtain na Gaeilge don teanga agus don chultúr. Is fiú smaoineamh ar an obair atá á déanamh ag an iar-Sheanadóir, Labhrás Ó Murchú, ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus ag Gael Linn. Bhí John Creedon ar an teilifís aréir ag déanamh cur síos ar áiteanna an-stairiúla, ar logainmneacha agus, go mór mór, ar an teanga agus an gceol.It is important that those like Senator Murphy and I, whose Irish is up and down, or it is in my case at least, use their Irish not only during this week but at all times. Bhí an ceart ag an Seanadóir Murphy. Bhí na ranganna sa scoil an-deacair do a lán daoine. Tá brón orm mar gheall air sin ach, mar a dúirt mé, tá ár nGaelcholáistí agus ár gcúrsaí samhraidh inniu lán le daoine óga agus le daoine cosúil liom féin atá ag foghlaim na Gaeilge athuair. Déanaim comhghairdeas leis an iarAire, an Teachta McHugh, as ucht an obair a rinne sé mar gheall ar an nGaeilge. Déanaim comhghairdeas leis an iarAire, Dinny McGinley, freisin. Gabhaim buíochas leis na hAirí as a bheith anseo inniu. Tá an Ghaeilge an-tábhachtach do gach éinne sa tír. Tá onus ar gach éinne an Ghaeilge a úsáid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.