Seanad debates

Monday, 8 March 2021

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Marie SherlockMarie Sherlock (Labour) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit. Tá áthas an domhain orm nach bhfuil ceiliúradh amháin againn inniu ach dhá cheiliúradh - Seachtain na Gaeilge agus Lá Idirnáisiúnta na mBan. Tá áthas orm, mar urlabhraí na Gaeilge Pháirtí an Lucht Oibre, go bhfuilim anseo chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht inniu.Is ceiliúradh an-tábhachtach é Seachtain na Gaeilge chun comhrá a bheith againn maidir leis an teanga agus an cultúr agus chun buíochas a ghabháil do na mílte daoine trasna na tíre atá ag obair chun an teanga a fhorbairt agus a choimeád beo. Tógfaidh mé cúpla nóiméad chun na mná atá ag forbairt na teanga trasna na tíre a lua. Tá siad i lár an teaghlaigh agus ag cur chun cinn an teanga sna naíonraí lán-Ghaelacha, sna ranganna scoile agus go háirithe sna Gaelscoileanna trasna na tíre. Tá siad ag obair mar aistritheoirí anseo i dTeach Laighin agus i bParlaimint na hEorpa chomh maith. Tá siad ag obair mar iriseoirí agus i bpoist eile ina bhfuil mná ag obair trí Ghaeilge agus ar son na teanga.

Luaim go háirithe na soláthróirí lóistín atá ceangailte le Coláiste Lurgan i nGaillimh. Tá imní orthu maidir le todhchaí an choláiste. Tá a lán frustrachas ann de bharr an mhoill ag seoladh amach an iarratas pleanála. Tá feachtas mór ar siúl anois agus fuaras beagnach 30 litir ó na soláthróirí lóistín nó na mná agus fir thí. Braitheann siad go mór ar na scoláirí a choinníonn siad gach samhradh ar son an choláiste agus tá siad ag iarraidh míniú anois.

Níl aon amhras ach go mbeidh tír nua an-difríocht againn i ndiaidh Covid. Ní chóir go gcaillfeadh muid na deiseanna chun comhrá agus athnuachan a fháil don teanga, don chultúr agus do na Gaeltachtaí. Inár gcóras oideachais is léir go bhfuil gá mór do na polasaithe tacaíochta don Ghaeilge a bheith ag croí an chomhrá seo. Ba bhreá liom polasaí nua don Ghaeilge, ó naíonra go tríú leibhéal, a fheiceáil ón Roinn Oideachais. Níl aon amhras ach go raibh drochthionchar ar pháistí de bharr an lockdown. Samhlaítear domsa go rinneadh damáiste ar chur chun cinn na Gaeilge sna scoileanna. Deir múinteoirí liom go raibh tionchar mór aige ar scoláirí agus mar sin iarraim ar an Aire Oideachais, an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Aire Stáit na hacmhainní a chur ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc scoláirí bunscoile an samhradh seo. Ba cheart níos mó campaí spóirt trí Ghaeilge nó ranganna eile trí Ghaeilge a bheith ann agus go mbeadh na ranganna nó campaí sin saor in aisce.

Maidir le fostaíocht, tá claochlú mór ar siúl i ndomhan na hoibrithe oideachais seo. Táimid an-chíocrach go mbeadh níos mó deiseanna don obair iargúlta ar fáil agus de bharr sin, bheadh seans níos fearr ann go gcoinneofaí níos mó fostaíochta sna Gaeltachtaí. Bhí ionadh orm nár luadh na Gaeltachtaí sa straitéis maidir le hobair iargúlta a bhí á chraoladh ag an Rialtas cúpla seachtain ó shin. Ba chóir níos mó infheistíochta a dhéanamh in Údarás na Gaeltachta chun obair iargúlta a chur chun cinn.

Tacaím agus gabhaim buíochas leis na grúpaí atá eagraithe trasna na tíre mar Chonradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, Cumann Lúthchleas Gael, agus na grúpaí eile atá ag obair go dian ar son na teanga agus ar son na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.