Seanad debates

Monday, 8 March 2021

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Cabhraíonn sé le hógánaigh a bheith gníomhach i gcruthú ábhair dhigitigh agus theicneolaíochta. Foghlaimíonn daoine óga conas scannáin dhigiteacha, dearadh gréasáin, forbairt aipeanna soghluaiste agus róbataic i measc nithe eile a dhéanamh agus déantar ó seo ar fad trí Ghaeilge.Tá an clár TechSpace curtha i bhfeidhm go náisiúnta i scoileanna agus ionaid óige le os cionn 60 scoil agus eagraíocht ag glacadh páirt san tionscadal Gaeilge. Tá an oiread sin spéise á cur san tionscadal go bhfuiltear ag cur tús leis an gclár sna bunscoileanna i mbliana.

Reáchtáiltear an ócáid Tech Féile gach bliain le léiriú de cheardlanna agus taispeántais le haoichainteoirí agus le taibheoirí. Tugann sé seo an deis do na scoileanna agus do na hionaid óige a gcuid ábhair a chur ar thaispeántas agus ceiliúradh a dhéanamh ar an sárobair atá á baint amach ag an aos óg sa teicneolaíocht cruthaitheach. Toisc srianta Covid-19, is ar-líne a bheidh Tech Féile na bliana seo ar siúl. Tá áthas orm go mbeidh deis ag an oiread sin daoine óga páirt a ghlacadh ann, tar éis an bhliain crua atá curtha isteach acu.

Tá mo Roinn ag tacú le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, chun an tionscadal ABAIR a fhorbairt chomh maith. Tá obair cheannródaíoch ar siúl ag ABAIR le blianta beaga anuas chun teicneolaíocht na hurlabhra a sholáthar don Ghaeilge. Ón tús, mar gheall ar an gcúlra láidir teangeolaíochta, teicneolaíochta agus Gaeilge a bhí acu, bhí an fhís ag foireann ABAIR uirlisí urlabhra a chur ar fáil ionas go mbeadh pobal na Gaeilge ábalta feidhmiú i saol digiteach an lae inniu. Cé gur ar sintéis na Gaeilge a bhí ABAIR dírithe sa chéad áit, tá an réimse taighde leathnaithe go mór le blianta beaga anuas. Tá tús curtha le haithint cainte, agus tá borradh tagtha ar shraith leathan fothionscadal chun áiseanna a fhorbairt a bhfuil teicneolaíocht na hurlabhra mar bhunchloch acu. Cruthaíodh léitheoir scáileáin chomh maith dóibh siúd le míchumas radhairc a léann gach a bhfuil ar an ríomhaire os ard. Tá an léitheoir seo ar fáil le rogha canúintí Ghaeilge agus le haschur Braille. Tá sé mar mhórfhís ag ABAIR an Ghaeilge labhartha a thabhairt go croílár an tsaoil dhigitigh, trí réimse iomlán teicneolaíochtaí urlabhra agus áiseanna don 21ú aois a chur ar fáil atá ar ardchaighdeán idirnáisiúnta. Tá sé seo ag freagairt go díreach d'aidhmeanna na Stráitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus ag croílár na pleanála teanga. Tá sé ríthábhachtach don Ghaeilge a bheith páirteach sa réabhlóid dhigiteach mar, mura bhfuil sí, fágfar ar gcúl í i dtodhchaí digiteach na linne seo.

Is chuige sin a bhfuil mo Roinn ag tacú le tionscadal digiteach eile in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; is é sin an tionscadal GaelTech. Is tionscadal í seo de chuid an ionad ADAPT, a bhfuil maoiniú ceadaithe dó chun clár taighde maidir le próiseáil teanga nádúrtha na Gaeilge a chur i gcrích sa tréimhse 2017 go 2021. Is obair an-teicniúil atá i gceist, atá ríthábhachtach le déanamh cinnte de nach mbeidh an teanga fágtha taobh thiar ó thaobh na teicneolaíochta de.

Mar go bhfuilim freagrach do chúrsaí spóirt agus do Ghaeilge, tá spéis ar leith agam i dtograí ina ndéantar nasc idir an péire acu. Ar mhaithe le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil tríd an spórt, tá cláir ar leith á mhaoiniú ag mo Roinn ar a n-áirítear clár na gcluichí Gaelacha, an clár aclaíochta agus scéim na gcampaí samhraidh. Is bearta praiticiúla iad seo, atá ag tacú leis an bpróiseas pleanála teanga agus leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta araon. In ainneoin na srianta atá i bhfeidhm, tá áthas ar leith orm go bhfuil na heagrais atá ag riar chlár na gcluichí Gaelacha agus an chláir aclaíochta ag cur físeáin tarraingteacha agus taitneamhacha i scileanna peile, iománaíochta agus aclaíochta le chéile. Tá na físeáin seo á gcur ar fáil do na scoláirí fad atá siad ag obair go cianda agus á gcur suas ar na meán shóisialta. Ar mhaithe le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil tríd na spóirt Ghaelacha i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna faoi leith i nGaeltacht Chonnacht agus i nGaeltacht na Mumhan, cuirtear cúnamh airgid ar fáil trí chlár na gcluichí Gaelacha chun cláir oibre comhaontaithe a fheidhmiú.

Cheadaigh mo Roinn beagnach €500,000 thar tréimhse trí bliana don chlár in 2019. De thoradh seo, tá an clár á reáchtáil i 73 scoil Ghaeltachta i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht. Tá 15 duine fostaithe mar thraenálaithe faoin scéim. Faoin gclár aclaíochta agus spóirt atá á riar ag Muintearas Teoranta le tacaíocht mo Roinne, tugtar cuidiú breise do scoileanna chun deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chruthú do pháistí tríd deiseanna breise oideachais fhisiceach agus aclaíochta a chur ar fáil. Cheadaigh mo Roinn deontas d'os cionn €200,000 in 2019 thar tréimhse trí bliana chun an clár a riar in 18 bunscoil i nGaeltacht Chonamara.Tugann scéim na gcampaí samhraidh de chuid mo Roinne deis iontach d'aos óg na Gaeltachta chun tabhairt faoi imeachtaí taitneamhacha i gcomhluadar a chéile gach samhradh i dtimpeallacht Ghaeilge, rud atá ar leas an aosa óig agus na Gaeilge araon. Tá an cheist maidir le reáchtáil na gcampaí i mbliana á cíoradh ag mo Roinn faoi láthair. Mar thaca breise don aos óg anuraidh le linn na paindéime, ceadaíodh maoiniú, i gcomhar le Foras na Gaeilge, do TG4 chun dhá shraith theilifíse de Campaí Cúla4 a chraoladh go laethúil thar thréimhse an tsamhraidh.

Tagann lucht na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge le chéile ó cheann ceann na tíre gach samhradh de ghnáth le féile mhór peile a bheith acu ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Faraor, cuireadh an comórtas a bhí beartaithe i Leitir Móir i nGaeltacht na Gaillimhe in 2020 siar mar gheall ar na srianta Covid-19 agus is cosúil go mbeidh an rud céanna ag tarlú i mbliana. Táimid uile ag súil le comórtas 2022 anois nuair a bheidh srianta na paindéime thart agus deis ag pobail na nGaeltachtaí éagsúla bailiú le chéile arís don cheiliúradh mór spóirt seo. Mar go bhfuil sé aitheanta ar feadh i bhfad go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le timpeallacht chuí a chruthú inar féidir le daoine an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha, tá iarrachtaí suntasacha á ndéanamh ag cumainn sa Ghaeltacht chun an timpeallacht sin a chruthú. Mar aitheantas ar an obair fónta atá déanta ag na cumainn ar fud na Gaeltachta, cuireann mo Roinn cuidiú ar fáil chun páirceanna a chur in oiriúint don líon ard cuairteoirí ó Ghaeltachtaí na tíre ar fad a thugann aghaidh ar an gcomórtas gach bliain. Cheadaigh mo Roinn beagnach €300,000 in 2020 chun na háiseanna ag Páirc an Mháimín i Leitir Móir a fheabhsú agus, an bhliain roimhe sin, ceadaíodh os cionn €120,000 chun na háiseanna ag Baile na nGall i gCiarraí a fheabhsú don chomórtas.

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is é cuspóir na fondúireachta seo cúnamh a chur ar fáil do na clubanna i bhfoirm comhairle, tacaíocht agus smaointe le pleananna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar bhonn tomhaiste agus céimnithe. Is féidir deontas a lorg ón bhfondúireacht chun cuidiú leis na pleananna sin a chur i gcrích agus bronntar boinn ar na clubanna le haitheantas a thabhairt as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga. Tá mo Roinn ag cur maoiniú ar fáil don scéim seo ó 2019 i leith agus tá sé á maoiniú ag Foras na Gaeilge chomh maith. Go dáta, tá 109 bonn cré-umha, 43 bonn airgid agus ocht mbonn óir bronnta ar chlubanna agus é de sprioc ag Glór na nGael an líon sin a ardú de réir a chéile.

Is am dúshlánach é seo don tír i gcoitinne, an Ghaeltacht agus an Ghaeilge san áireamh. Tá mise dóchasach agus muiníneach ón méid atá feicthe agam de spiorad agus de chur chuige ceannródaíoch i bpobail ó cheann ceann na tíre go bhfuil muid ag dul i ngleic leis na dúshláin ar bhealach dearfach agus spreagúil. Is údar misnigh dúinn ar fad gur éirigh le Seachtain na Gaeilge dul ar aghaidh san aeráid dhúshlánach seo agus níl aon amhras orm ach go mbeidh tairbhe ar leith dóibh siúd a ghlacann páirt.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a chur in iúl don Teach go bhfuil mé féin agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, tar éis Gobnait Ní Mhuineacháin, atá ainmnithe ag Comhairle Contae Chorcaí, a cheapadh ar bhord Údarás na Gaeltachta inniu. Ciallaíonn sé seo go mbeidh cúigear ban ar bhord an údaráis anois, an líon is mó ban riamh ar an mbord agus rud thar a bheith tráthúil agus Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh againn inniu. Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as an gcuireadh a thabhairt dom labhairt anseo inniu agus guím gach rath ar na himeachtaí ar fad le linn na seachtaine. Tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad eile sula mbeidh mé ar ais os bhur gcomhair arís le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 atá ar Chéim an Choiste sa Dáil faoi láthair, Bille atá ríthábhachtach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.