Seanad debates

Monday, 1 March 2021

An tOrd Gnó - Order of Business

 

10:30 am

Photo of Michael McDowellMichael McDowell (Independent) | Oireachtas source

Ba mhaith liom, ar dtús, aontú go hiomlán leis an méid a bhí á rá ag an Seanadóir Boyhan i dtaobh an tUrramach Enda McDonagh. Maidir le Riar na hOibre, go ginearálta, táimse i gcoinne aon rún chun Bille ar bith a phlé agus gach Céim le chéile ar ócáid shingil ach ba mhaith a admháil go bhfuil staid éigeandála againn i dtaobh víreas Covid-19. Chuala mé ar an raidió ar maidin go bhfuil saghas nua den víreas tar éis teacht isteach sa Bhreatain ó Mhanaus sa Bhrasaíl. Sílim mar sin gur cheart an dlí nua a chur i bhfeidhm chomh tapa agus is féidir. Mar sin, níl sé ar intinn agam vótáil i dtaobh Riar na hOibre inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.