Seanad debates

Tuesday, 25 June 2019

An tOrd Gnó - Order of Business

 

2:30 pm

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent) | Oireachtas source

I dtús báire, ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh leis an gCathaoirleach as ucht do bhris an tseachtain seo chaite. Tá aithne agam ort le trí bliana anuas agus is duine thú atá fíorionraic, tá fíormheas agam ort agus bhí ort an leaid óg a chur thar sáile, faoi mar a bhí ar go leor de do chlann a dhéanamh agus chaill tú do dheirfiúr. Déanaim comhbhrón ó chroí leat a chomrádaí.

Freisin, déanaim comhbhrón le muintir agus clann an Comhairleoir Manus Kelly. Ní raibh aithne ar bith agam ar an bhfear ach léigh mé faoi. Leaid óg a bhí ann, 41 bliana d’aois le cúigear gasúr, an duine is óige dóibh dhá bhliain d’aois. Fear a bhí báite sa Chumann Lúthchleas Gael, i gcúrsaí pobail agus i gcúrsaí áitiúla a bhí ann. Maidir liom féin, faraor, ní raibh deis agam casadh leis ariamh.

Ba mhaith liom labhairt faoi dhá cheist inniu. Is ceist tábhachtach an chéad cheist ach ní dhéanfaidh mé caint air ach ar feadh dhá nóiméad, sin Uisce Éireann. Bhí an Seanadóir Humphreys ag caint faoi ansin ar ball. Is ceist é atá gar do mo chroí mar is eol don Teach. Bhí baint mhór agam le Uisce Éireann dhá bhliain go leith ó shin. Caithfidh mé a rá, an rud atá mise ag fáil ar ais ó na fostaithe atá ag obair in Uisce Éireann ná go bhfuil siad ag fáil gach tacaíocht agus cabhair ón Rialtas agus atá siad ag lorg. Tá muinín an Rialtais in Uisce Éireann. Níl mé á rá sin ó thaobh cúrsaí Rialtais de, tá mé á rá ó thaobh Uisce Éireann de. Tá sé tábhachtach go mbeadh sé sin ráite sa Teach seo má táimid ag caint faoi Uisce Éireann. Tá fadhbanna mór ann ach is fadhbanna iad seo a tharla 50 nó 60 bliain ó shin mar gheall nár cuireadh infheistíocht isteach ann ó Rialtais éagsúla agus tá siadsan ag iarraidh feabhas a chur ar an bhfadhb sin anois taobh istigh de chúpla bliain. Tá mé iarraidh orainn uilig go mbeadh misneach againn sna fostaithe d’Uisce Éireann.

An cheist mhór gur mhaith liom labhairt faoi ná an doiciméad seo.Tá a fhios agam nach bhfuil na Baill in ann é a fheiceáil ansin ach séard atá ann na rialacha corparáide. I refer to the governance review group report for the FAI board and Sport Ireland, dated 21 June last. Tá sé léite agam, tá 130 leathanach ann. Tá an FAI fíorthábhachtach don tír seo. Tá mé ag iarraidh ceist a chur ar an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt teacht isteach anseo agus a insint dúinn go díreach cá bhfuil muid ó thaobh an FAI agus ó thaobh bord an FAI. Tá go leor imní orm mar gheall ar bhord an FAI. Tá mé ar an gComhchoiste um Iompar, Turasóireacht agus Spórt agus tháinig litir isteach ag Cathaoirleach an choiste sin ag iarraidh ar an FAI teacht isteach.

I will make one recommendation which the Minister, Deputy Ross, should take on board. We need to consider a transition from the old FAI to a new one, in respect of which I suggest a new board be selected, comprised of 12 members, four of whom would be elected by the FAI, four by the Minster of the relevant Department and four by UEFA, these being the three bodies involved in the FAI and its future. The sooner this is done the better. Also, a timeframe of two or three years should be set in respect of the transition to a new board so as to ensure we have good, proper corporate governance in place. The people of Ireland deserve that. Go raibh maith agat.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.