Seanad debates
Wednesday, 19 June 2019
Adoption, Information and Tracing: Statements
10:30 am
Aodhán Ó Ríordáin (Labour) | Oireachtas source
Beidh mé an-ghairid. Ba mhaith liom an Aire a mholadh tar éis an méid oibre atá déanta aici. Is léir go bhfuil sí ag éisteacht linn. Ba mhaith liom an Seanadóir Bacik a mholadh freisin. Is léir go bhfuil fadhbanna móra ag baint leis an mBille seo. Táimid ar fad tar éis na mílte litreacha a fháil uathu siúd atá uchtaithe agus ó dhaoine eile atá fadhbanna acu leis an mBille. Ní féidir linn tacaíocht a thabhairt don Bhille mar atá sé faoi láthair. Tar éis an mhéid atá cloiste againn ón Aire, tá sé soiléir go bhfuil sí sásta éisteacht linn agus oibriú linn. Tá sí ag éisteacht leis na hoifigigh atá timpeall uirthi. Tá súil agam go mbeimid in ann an reachtaíocht seo a neartú, a fheabhsú agus a chur chun cinn ionas go mbeimid ar fad bródúil as an bpróiseas seo.
No comments