Seanad debates

Wednesday, 3 April 2019

Forbairtí maidir leis an Ghaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, tá mé an-sásta go bhfuil an deis seo agam labhairt leis an Seanad inniu agus léargas beag a thabhairt don Teach ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Mar chomhthéacs agus go deimhin mar áis don léargas a thabharfaidh mé do Sheanadóirí inniu, tá sé i gceist agam an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge a chur ag croílár an phlé, ós rud é go leagtar amach sa phlean sin cad atá déanta, cad atá á dhéanamh agus cad atá beartaithe a dhéanamh ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Mar atá ráite cheana féin, is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 polasaí an Stáit i leith na Gaeilge, agus is ionann an plean gníomhaíochta agus plean oibre ina ndéantar rianú beacht ann faoin méid a dhéanfaidh an Stát go ceann cúig bliana don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is é feidhmiú an plean sin mar thaca lárnach ar chun feidhme na straitéise agus mar cheann de phríomhthosaíochtaí mo Roinne agus go deimhin na forais eile Stáit a bhfuil baint go díreach acu nó go tánaisteach le leas na Gaeilge.

Mar atá ráite go minic agam roimhe seo, ag croílár an phlean gníomhaíochta ná na bearta comhaontaithe atá leagtha amach ann. Tá breis agus 180 díobh ann a gcuirfear i bhfeidhm i gcomhar le níos mó ná 60 páirtí leasmhar. Leagtar an bhéim is mó ar an méid a dhéanfar go sonrach ar bhonn comhpháirtíochta thar chúig bliana. Tá tráthchlár ama luaite le gach beart, agus luaitear chomh maith, ar ndóigh, na páirtithe a bheidh freagrach as na bearta a chur i bhfeidhm,

Cé nach bhfuil an plean ar an saol ach ó mhí an Mheithimh anuraidh, tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin chun tús a chur lena chur i bhfeidhm. Tá an coiste stiúrtha, atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phlean bunaithe anois agus bhí dhá chruinniú aige cheana féin. Tá €980,000 breise curtha ar fáil don chlár tacaíochtaí pobail agus teanga de chuid mo Roinne féin do 2019. Fágann sé seo go mbeidh soláthar iomlán de €9.692 milliún ar fáil do 2019. Tá soláthar €550,000 breise ar fáil don phleanáil teanga do 2019, rud a fhágann go mbeidh €3.2 milliún in iomlán ar fáil i mbliana. Tá soláthar breise de €700,000 ar fáil faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge mo Roinne do 2019 do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Beidh ciste caipitil €15.56 milliún san iomlán ar fáil d’Údarás na Gaeltachta in 2019 le caitheamh ar thograí fostaíochta i gcomparáid le €5.687 milliún in 2016.

Ós rud é go bhfuil an próiseas pleanála teanga ag croílár an scéil, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi agus léargas a thabhairt don Teach faoin staid reatha a bhaineann leis. Cé nach bhfuil an phríomhfhreagracht orm as an bpolasaí don oideachas Gaeltachta, is fiú é a chuimsiú sa phlé chomh maith ós é go bhfuil feidhmiú an phróisis agus an polasaí fite fuaite lena chéile.

Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil gá le córas pleanála teanga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ag leibhéal an phobail. Is tríd an bpróiseas pleanála teanga a thabharfar tacaíocht ar bhealach córasach, comhtháite don Ghaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht, áit a bhfuil tacaíocht á tabhairt ag an bpobal don Ghaeilge.

Tugtar feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga in Acht na Gaeltachta 2012, áit a leagtar síos an próiseas faoina bhféadfaidh pobail i gceantair éagsúla aitheantas a bhaint amach mar limistéir phleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí Gaeilge. Is trí phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a dtabharfar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht atáthar dhá dhéanamh seo. Is é an cuspóir a bheidh ag na pleananna teanga ná cur le húsáid na Gaeilge sna ceantair lena mbaineann siad chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta, gnó agus poiblí.

Táthar i mbun na hoibre seo i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge le tamall anuas agus tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh. Tá ullmhúchán pleananna teanga ar siúl ar fud na Gaeltachta, sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí. Faoi dheireadh na bliana seo chugainn, beidh feidhmiú pleananna ar bun i ngach ceann den 26 limistéar. Cheana féin, tá breis agus deichniúr oifigeach pleanála teanga ceaptha agus i mbun oibre. Nuair atá an próiseas faoi lán seoil, beidh breis agus 30 duine fostaithe ó cheann ceann na Gaeltachta ag saothrú leo i gcomhar leis na pobail Ghaeltachta agus le cabhair leanúnach na Roinne agus an údaráis chun cúram a dhéanamh de leas na Gaeilge.

Chun breis tacaíocht a chur ar fáil i réimsí gníomhaíochtaí a bheidh mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht sna hearnálacha luathbhlianta, an teaghlach, na hóige agus na healaíona traidisiúnta, tá tacaíochtaí lárnach curtha ar fáil ag mo Roinn do roinnt bearta faoi leith. Ina measc, ceadaíodh maoiniú de €1.26 milliún do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta don tréimhse 2018-19 go dtí 2020-21, chun breis foirne a earcú agus tacaíocht a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí breise chun leathnú a dhéanamh ar sheirbhísí luathbhlianta atá ar fáil sa Ghaeltacht. Ceadaíodh chomh maith maoiniú de níos mó ná €1 milliún do thréimhse trí bliana chun cur ar chumas Thuismitheoirí na Gaeltachta dlús a chur leis an raon tacaíochtaí a chuireann siad ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh, agus beidh an eagraíocht ag earcú seisear foireann agus ag leathnú a chuid gníomhaíochtaí go Cúige Mumhan agus Cúige Uladh. Ceadaíodh maoiniú de €325,000 d'Ealaín na Gaeltachta in 2018 chun gníomhaíochtaí traidisiúnta teangabhunaithe a chur chun cinn sna healaíona traidisiúnta sa Ghaeltacht. Ní miste dom a rá go bhfuil mo Roinn ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur chun cinn ós é go bhfuil cuspóirí mar a chéile idir é agus an phróisis pleanála teanga.

Is údar suntais agus dóchais is ea é go deimhin gur roghnaigh 83% den 161 scoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht a bheith páirteach sa pholasaí. Chun tuilleadh rannpháirtíocht a spreagadh, d'eagraigh mo Roinn, i gcomhar leis an údarás, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus páirtithe leasmhara eile, sraith chruinnithe le gairid a bhí dírithe ar na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil do scoileanna Gaeltachta a chur ar shúile phobal na scoileanna sin agus nár chláraigh faoin bpróiseas go dtí seo.

Nuair a luaitear an straitéis agus an próiseas pleanála teanga agus an chaoi a bhfuil an Roinn ag déanamh cúram díobh, is baolach go ndéantar dearmad uaireanta ar an gcistíocht shuntasach atá á cur ar fáil, bliain i ndiaidh bliana, mar a bhaineann sé le clár caipitil agus reatha mo Roinne ó thaobh na Gaeltachta de. De thoradh an chúnaimh seo, ar fiú breis agus €9.7 milliún é i mbliana, tá an Roinn ag leanúint ar aghaidh i gcomhar le páirtithe leasmhara eile chun bonneagar na Gaeilge a threisiú tuilleadh. Leis an infheistíocht seo, táimid in ann raon leathan eagraíochtaí Gaeltachta a chumasú chun a gclár oibre a fheidhmiú chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile. Ní call dom a rá, ar ndóigh, go bhfuil sé seo uile ag tacú le fíorú chuspóirí na straitéise agus an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin obair shuntasach a bhí, atá agus a bheidh ar bun sa todhchaí ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht. Tá sé mar bhunsprioc ag an údarás tacú le hacmhainní teanga, pobail nádúrtha agus cultúrtha na Gaeltachta, agus forbairt a dhéanamh orthu de réir an mhaoinithe a bhíonn ar fáil dóibh. Caithfear an Ghaeilge agus pobal na Gaeltachta a chur chun cinn agus a threisiú chun pobail labhartha Ghaeilge níos láidre a chothú. Tá dúshláin mhóra leagtha roimh an eagraíocht agus tá sé díograiseach chun a chinntiú go mbeidh neartú agus saibhriú na Gaeltachta mar thoradh ar a gcuid iarrachtaí. Is iad an nuálaíocht, an fhiontraíocht agus an Ghaeilge an déthéama uileghabhálach a chuimsíonn plean straitéiseach reatha Údarás na Gaeltachta don tréimhse 2018 go dtí 2020.Leagann an plean straitéiseach amach cur chuige na heagraíochta chun pobal agus geilleagar fuinniúil, rathúil, inbhuanaithe Gaeltachta a fhorbairt agus, tríd sin, áit na Gaeilge mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta a chinntiú. I measc na bpríomhspriocanna atá leagtha amach i bPlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018-2020 tá 1,500 post nua a chruthú thar thréimhse na straitéise; tacú le 8,000 post lánaimseartha a bheith cruthaithe agus bunaithe i gcliantchomhlachtaí; an dúshraith fhiontraíochta a bhunú agus a fhorbairt trí thacú le comhlachtaí nua agus comhlachtaí seanbhunaithe a gcuid gnó a fhás agus a láidriú; tacú le 29 plean teanga a bheidh ullmhaithe agus á bhfeidhmiú; agus tacú le 31 eagraíocht phobail sa Ghaeltacht trí chlár maoinithe leanúnach spriocdhírithe a chur ar fáil. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 589 post a chruthú i 2018 agus go raibh 122 duine breise fostaithe i gcuideachtaí an údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

É sin ráite, mar atá mínithe agam i nDáiI Éireann le gairid, ní féidir a shéanadh gurb é an Breatimeacht ceann de na dúshláin is mó a bheidh le sárú ag comhlachtaí Gaeltachta sna blianta atá romhainn. De ghnáth, is é margadh na Ríochta Aontaithe an chéad chéim easpórtálaí d'aon chomhlacht a bheadh ag dul i mbun easpórtála den chéad uair. Sa chomhthéacs sin, tá Údarás na Gaeltachta ag comhoibriú le gníomhaireachtaí Stáit eile i ndáil le cur chuige comhordaithe maidir leis an mBreatimeacht. Lena chois sin, tá an t-údarás ag obair as lámh a chéile le Fiontraíocht Éireann chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí atá ar fáil do chomhlachtaí a thagann faoi scáth na heagraíochta sin ar fáil chomh maith do chliaintchomhlachtaí de chuid an údaráis.

Nuair a chuirtear san áireamh an buiséad caipitil de €9.7 milliún a bheidh á chur ar fáil ag mo Roinn féin, an ciste €3.86 milliún atá curtha ar fáil don údarás faoin gciste um athghiniúint agus forbairt tuaithe, chomh maith leis an gciste faoi leith ar fiú €2 milliún do Pháirc na Mara, Cill Chiaráin, atá curtha ar fáil ag an údarás faoin gciste um fhorbairt fiontraíochta réigiúnaí, fágann sé seo go mbeidh ciste caipitil €15.56 milliún ar fáil don eagraíocht in 2019. Táim cinnte mar sin go gcabhróidh an méadú suntasach ar bhuiséad caipitil an údaráis chun tacaíocht a thabhairt do na gnólachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht chun an gnó a chosaint mar thoradh ar an mBreatimeacht,

Maidir le Foras na Gaeilge, anuas ar an obair atá ar bun taobh istigh den Ghaeltacht, tá sárobair ar bun lasmuigh den Ghaeltacht freisin chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a threisiú. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil chun na haidhmeanna seo a bhaint amach. Tá an foras, mar aon leis na sé cheanneagraíocht atá ag feidhmiú faoina chúram, ag obair as lámh a chéile ar fud na tíre agus thar lear chun an obair seo a chur i gcrích, agus maoiniú a chur ar fáil aige trí réimse leathan scéimeanna.

Tagann saibhreas agus tuiscint staire le tuiscint agus eolas ar logainmneacha na tíre seo. Tá brainse logainmneacha mo Roinne ag obair i gcomhar le Fiontar agus scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun forbairt a dhéanamh ar shuíomh idirlín logainm.ieagus ar mheitheal logainm.ie, agus is breá liom go bhfuil an suim léirithe ag daoine ar fud na cruinne ar an eolas atá ar fáil sna foinsí seo. Tugann meitheallogainm.iedeis do chách eolas áitiúil a chlárú agus le bheith páirteach sa togra. Tá obair ar bun chun cur leis an méid atá foilsithe cheana agus tá taighde á dhéanamh go leanúnach ag an mbrainse agus ábhar a réiteach le cur faoi bhráid an Choiste Logainmneacha. Ba mhaith liom an deis seo a thapú mo bhuíochas a chur in iúl don Choiste Logainmneacha atá ag feidhmiú ar bhonn deonach.

Tá soláthar breise ar fáil faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge mo Roinne do 2019 do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Fágann sé seo go mbeidh soláthar iomlán de €4.65 milliún ar fáil do 2019. I measc na n-eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú bliantúil, tá Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo agus Gael-Taca: Corcaigh. Chomh maith leo siúd, tá réimse eile tionscadal digiteach agus teicneolaíochta á mhaoiniú faoin scéim seo agus a mbeidh obair leanúnach ar bun leo in 2019. San áireamh anseo tá clár TechSpace, clár gníomhach don aos óg i gcruthú ábhair dhigitigh agus teicneolaíochta; GaelTech, tionscadal de chuid an ionaid ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhfuil maoiniú ceadaithe do chlár chun taighde maidir le próiseáil teanga nádúrtha na Gaeilge a chur i gcrích sa tréimhse 2017 go dtí 2021; agus Fáilte ar Líne, cúrsa céime sa Ghaeilge agus i gcultúr traidisiúnta na Gaeilge atá forbartha ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus atá ar fáil saor in aisce ar líne ar fud an domhain. Tá tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn d'Acadamh Ríoga na hÉireann chomh maith chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i dtoll a chéile agus tá obair leanúnach ar bun ar dúchas.ie,logainm.ieagus ainm.ie.

Táthar ag dréachtú Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) faoi láthair. Beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú as Gaeilge, agus ag eascairt as seo go mbeidh níos mó daoine le Gaeilge ar fáil sna comhlachtaí Stáit,

Maidir leis an nGaeilge san Aontas Eorpach, tá sé an-tábhachtach don Rialtas go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá muid tiomanta do dheireadh a chur leis an maolú. Tá geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go dtabharfaidh Rialtas na hÉireann gach tacaíocht agus cúnamh don Aontas Eorpach chun an cinneadh maidir leis an nGaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas a chur i bhfeidhm. Tá an gealltanas seo deimhnithe arís i bplean gníomhaíochta na straitéise don tréimhse 2018 go dtí 2022 a foilsíodh anuraidh, áit a bhfuil cúig ghníomh ar leith luaite leis an bplean le deireadh a chur leis an maolú. Tá dúshlán roimh na hinstitiúidí ó thaobh na hearcaíochta de, agus romhainn féin, lena dhéanamh cinnte de go mbeidh líon leordhóthanach pearsanra le Gaeilge ar fáil chun na folúntais san Eoraip a líonadh. Cuireann mo Roinn, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus leis an Údarás um Ard-Oideachas, maoiniú ar fáil do chúrsaí ábhartha tríú leibhéal ar mhaithe le ráta reatha i gcomórtais earcaíochta an Aontas Eorpaigh a fheabhsú agus céimithe inniúla a sholáthar d'fhostaíocht sna hinstitiúidí Eorpacha.

Anuraidh, cuireadh scéim nua ar bun chun intéirnigh a chur chuig na hinstitiúidí Eorpacha ar feadh tréimhsí cúig mhí. Tá an dara grúpa intéirnigh lonnaithe san Eoraip faoi láthair. Tugann an scéim seo deis do dhaoine óga blaiseadh a fháil den saol oibre san Eoraip, oiliúint a fháil ó na hinstitiúidí, agus cur lena gcuid scileanna chun deis níos fearr a thabhairt dóibh sna comórtais earcaíochta amach anseo. Cuidíonn na hintéirnigh chomh maith leis an obair atá ar bun san Eoraip an chuid is tábhachtaí den acquis communautairea aistriú go Gaeilge.

Ní miste dom a threisiú arís gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt shlán don chéad ghlúin eile. Tá a fhios againn go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht. Ar deireadh, ba mhaith liomsa tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a threisiú uair amháin eile anseo inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.