Seanad debates

Tuesday, 22 January 2019

An tOrd Gnó - Order of Business

 

2:30 pm

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent) | Oireachtas source

Ba mhaith liom cúpla focal a rá mar gheall ar chomóradh an chéid a bhí againn i dTeach an Ardmhéara inné. Ar nós chuile dhuine eile, ba phribhléid agus onóir mhór í dom bheith i láthair. Is mian liom cúpla smaoineamh mar gheall ar an ócáid a chur in iúl. Bhí sé iontach go raibh chuile dhuine le chéile. Ní raibh muid ag caint ar páirtithe éagsúla. Is Éireannaigh muid uilig. Bhí muid ag caint ar chúrsaí daonlathais. Bhí chuile dhuine ag tarraingt le chéile. Teastaíonn i bhfad níos mó den chineál sin comhoibriú, seachas lá amháin chuile 100 bliain.

Ba mhaith liom rud eile a lua a chuir mé suim an-mhór ann. Glacadh buíochas le go leor daoine. Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach go n-aithnímid cé chomh bródúil atáimid as an obair a rinne an Captaen agus a fhoireann i dTithe an Oireachtais le hócáid chomh stairiúil agus chomh iontach sin a chur le chéile

Tá rud amháin eile le rá agam. Bhí béim an-mhór ar chúrsaí Gaeilge inné. Labhródh faoin teanga go rímhinic. Faraor, ní dóigh liom go bhfuilimid ag leanacht tríd leis sin. Tá mise agus lucht na Gaeilge an-bhuíoch agus an-sásta go ndearna an Taoiseach agus an Rialtas bliain faoi leith - Bliain na Gaeilge - anuraidh. Tá súil agam nach ndéanfaimid dearmad ar an nGaeilge i mbliana, agus go leanfaimid ar aghaidh leis an bhfeachtas sin. Tá go leor le déanamh ó thaobh na Gaeilge de go fóill. Ar an bpointe sin, tugaim cuireadh don Chathaoirleach agus do chuile dhuine sa Seanad agus sa Dáil teacht ar an gCeathrú Rua i mí an Mhárta seo chugainn ar feadh deireadh seachtaine le Gaeilge a fhoghlaim. Tá súil agam go dtiocfaidh siad uilig agus go mbeidh deireadh seachtaine an-mhaith againn. Is cuma má táthar láidir sa Ghaeilge nó ar bheagán Gaeilge. It does not matter if one has very little Irish or a lot of Irish because we will all be there together. I invite all Senators to come. This is being organised through an Acadamh, which is part of NUIG. It provides very professional courses. We should join hands together for the first time. Ba cheart dúinn roinnt Gaeilge a fhoghlaim le chéile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.