Seanad debates

Thursday, 20 December 2018

11:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom cur le beannachtaí an tséasúir d'achan duine. Guím Nollaig shona agus bliain úr faoi mhaise d'achan duine de na Seanadóirí agus do na baill foirne chomh maith. Imeacht suntasach a bhí i mBliain na Gaeilge i mbliana. Bhí Conradh na Gaeilge 125 bliain ar an fhód. Idir an Oireachtas féin, baill áirithe de, agus grúpaí agus eagraíochtaí ar nós Chonradh na Gaeilge, bhí imeachtaí fíormhaith, suntasach, agus spraíúil againn fud fad na tíre agus fud fad na cruinne. Bhí muid féin sa Seanad páirteach de sin nuair a bhí Mícheál Ó Muircheartaigh os ár gcomhair chun ráiteas a dhéanamh ar an nGaeilge. Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ó Céidigh, leis an Cheannaire, agus leis an Chathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach as an méid sin Gaeilge a chur chun tosaigh san áit seo. Mholfainn do mo chomhghleacaithe anseo sa Seanad iarracht a dhéanamh an bhliain seo chugainn bliain Ghaeilge eile a bheith againn sa dóigh is go dtiocfadh linn cur le húsáid na Gaeilge sa Seanad agus san Oireachtas. Eadrainn féin is féidir linn smaoineamh ar dóigheanna ina féidir linn an dea-shampla a ghlacadh ó Chonradh na Gaeilge agus ó ghrúpaí Gaeilge fud fad na tíre agus cur le úsáid na Gaeilge anseo. Mar a dúirt achan duine eile, gabhaim buíochas leis an fhoireann ansin sa Seanad, leis an Cheannaire, agus le gach duine. Nollaig shona agus bliain úr faoi mhaise dúinn go léir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.