Seanad debates

Wednesday, 21 March 2018

Address to Seanad Éireann by Mr. Mícheál Ó Muircheartaigh

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte mhór chroíúil Gaelach roimh an Uasal Ó Muircheartaigh agus é i dTeach Laighean agus sa Seanad inniu. Tá an cuma ar an scéal, ag amharc ar an nGailearaí inniu, gur thóg sé foireann peile leis. Tá na sluaite Gaeil linn sa Ghailearaí fosta. Is mian liom fearadh na fáilte a chur roimh chuile dhuine atá i láthair. Is ócáid cheiliúrach í seo ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Bliain na Gaeilge de. Tá ardmholadh tuillte ag an Seanadóir Ó Céidigh agus tréaslaím leis as na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige faoi láthair chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna hinstitiúidí seo.

Mar a luadh cheana féin, tá ról, stair agus taithí lárnach agus thar a bheith tábhachtach agus suntasach ag an Uasal Ó Muircheartaigh i saol na tíre seo, i saol Chumann Lúthchleas Gael agus i saol na Gaeilge. Luaigh an tUasal Ó Muircheartaigh na tréimhsí sin i stair na tíre seo nuair a bhí an Ghaeilge faoi chos agus i ngéibheann. Níl an stair sin chomh fada sin uainn, áfach. Ba choinneal lasta é an tUasal Ó Muircheartaigh le linn tréimhsí mar sin. Lonraigh sé slí chuig an Ghaeilge fá choinne na sluaite daoine amuigh ansin. Táimid fíorbhuíoch agus fíorbhródúil as an mhéid oibre atá déanta aige ar son na Gaeilge.

Mar a dúirt an Cathaoirleach, is Feirsteach bródúil mé. Is Ultach bródúil agus Gael fíorbhródúil mé chomh maith. Déarfainn go bhfuil seanaigne ag an Uasal Ó Muircheartaigh ar an dán, "Mórtas Gael", as a thagann an mana a bhí ag Meánscoil Feirste - Coláiste Feirste a thugtar air anois - nuair a d'fhreastail mé air fadó:

Is Gael mise, nach uasal sin?

Gael im' chroí, Gael im' mheoin

Gael ón sheacht sinsear Gael.

Gael mise agus mé á mhaíomh.

Dúshlán faoin domhan uile cine Gael a shárú.

Táimid iontach bródúil as sin go fóill. Is cineál réalt stiúradh dúinn an dán sin agus muid imithe ón scoil agus ag dul tríd an saol. Mar a luaigh an tUasal Ó Muircheartaigh agus cainteoirí eile, is cuisle agus bunchloch na hathbheochana é an Gaeloideachas. Is sa chóras Gaeloideachais a thosnaíonn an chuid is mó againn ag dul trí shaol na Gaeilge. Mar a luaigh an Seanadóir Ó Céidigh níos luaithe, go bunúsach is saol trí Ghaeilge atá uainn, mar shampla agus muid ag idirghníomhú leis an Rialtas, le seirbhísí Stáit, le cuideachtaí príobháideacha, leis na pobail timpeall orainn, le Páirc an Chrócaigh agus le Cumann Lúthchleas Gael. Tá an t-iarratas bunúsach simplí sin de dhíth orainn in achan réimse. Saol trí Ghaeilge atá uainn.

Roimhe sin, d'fhreastail mé ar Bhunscoil Phobal Feirste i nGaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste. Scoil aonad d'ár gcuid féin a bhí againn. Is cuimhin liom go mór agus go maith nuair a bhí an tUasal Ó Muircheartaigh mar aoichainteoir ag ceiliúradh 40 bliain na scoile san Óstán Europa. Bhí mé mar Ard-Mhéara Bhéal Feirste ag an am. Is sampla é sin den turas atá glactha ag an Ghaeilge ní hamháin ó Thuaidh ach ar fud na tíre ina iomláine ón tréimhse nuair a rinneadh bagairt ar na ceannródaithe ar Bhóthar Seoighe go gcuirfear i bpríosún iad mura stopfaidís an cineál réabhlóide a bhí ar bun acu ar Bhóthar Seoighe. Dúradh leo go gcuirfear i ngéibheann iad gan bac agus deireadh a chur le scoil Bhéal Feirste. Tá tréimhse iontach gairid agus gasta caite ón ré sin. Nuair a bhí an scoil ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód, bhí duine d'iardhaltaí na scoile mar chéad saoránach ar an chathair. B'fhéidir gur shampla maith é sin den dul chun cinn atá déanta san earnáil Gaeloideachais.

Cá háit a bhfuilimid faoi láthair? Mar a dúirt na Seanadóirí a labhair romham, tá orainn a lán a dhéanamh. Tá sé tábhachtach a rá go mbeidh mé gasta. Beidh pop-up Gaeltacht againn i mbéar na Dála an tseachtain seo chugainn. Beidh fearadh na fáilte roimh an Uasal Ó Muircheartaigh má tá sé ag iarraidh freastal ar an ócáid sin. Faoi láthair, níl cultúrlann againn i mBaile Átha Cliath. Níl Aire sinsearach don Ghaeilge againn. Níl plean ná straitéis fá choinne an Gaeloideachas againn. Níl an plean 20 bliain don Ghaeilge curtha i bhfeidhm go fiúntach agus go héifeachtach. Tá titim tagtha ar an maoiniú caipitil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó €75 milliún in 2008 go dtí €10 milliún i mbliana.

Ní theastaíonn uainn béalghrá a thabhairt don Ghaeilge. Níor cheart go mbeadh na ráitis thábhachtacha seo á ndéanamh againn ina n-aonar. Ba mhaith linn go mbeadh níos mó ná béalghrá i gceist ón Rialtas ó thaobh na Gaeilge de. Mar a luaigh mé an tseachtain seo caite, bhí mana simplí - "ná habair é, déan é" ag na seanfhondúirí a bhí mar cheannródaithe i nGaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste. Is é sin an t-éileamh atá againn mar Sheanadóirí ón Rialtas i dtaobh na Gaeilge de inniu. Ba cheart go mbeadh "ná habair é, déan é" mar mhana ag lucht an Rialtais in achan rud a dhéanann siad ó thaobh na Gaeilge de, mar shampla sna meáin chumarsáide, sa Stát, san earnáil Gaeloideachais agus san earnáil oideachais níos leithne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.