Seanad debates

Wednesday, 21 March 2018

Address to Seanad Éireann by Mr. Mícheál Ó Muircheartaigh

 

10:30 am

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Sular fhágann sé an seomra, a Uasail Uí Mhuircheartaigh, ba mhaith liom mo bhuíochas agus mo chomhghairdeas a ghabháil leis an Seanadóir O Céidigh as ucht na hócáide iontaí seo a eagrú. Is cúis áthais agus bróid dom fáilte ó chroí a ghabáil leat, a Uasail Uí Mhuircheartaigh. Is tusa laoch mór ár dtír agus ár dteanga. Craoltóir den chead scoth thú le cumas iontach dátheangach. Ba bhreá liom mo bhuíochas a ghabháil leat as ucht an méid atá déanta agat don spórt agus don teanga ar feadh na mblianta. Tá líofacht agus flúirse teanga agat. Tá sé nádúrtha. Tá greann faoi leith agat chomh maith agus tugann sé sin beocht croí agus fuinneamh do na cluichí. Baineann achan duine ó gach aois agus gach ceantar ar fud an domhain sult as do líofacht, do ghreann, agus do mhioneolas faoi na himreoirí agus faoina gclanna.

Ba mhaith liom sampla den ghreann sin a chur os comhair an Tí. I would like now to break into English for a moment to remind you, Micheál, of some of those great humorous moments in your commentaries: Seán Óg Ó hAilpín, his father from Fermanagh, his mother from Fiji, neither a hurling stronghold; Anthony Lynch the Cork corner back will be the last person to let you down, his people are undertakers; and, Colin Corkery on the 45, let us go with the right boot, it is over the bar, this man should not be playing football, he has made an almost Lazarus-like recovery from a heart condition, Lazarus was a great man but he could not kick points like Colin Corkery. That wonderful humour has done so much for our language and our games. Before I go back to an Ghaeilge, one of the features of my childhood growing up in the same community as Senator Wilson, was young lads trying to emulate your commentaries and attempting to repeat them. None of them ever reached the standard that need worry an tUasal Ó Muircheartaigh but it was the ultimate tribute that young lads were trying to be Micheál Ó Muircheartaighs all over the place.

Inniu táimid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Is eochair do sheoid luachmhar í ár dteanga. Is eochair dár n-oidhreacht, dár gcultúr agus dár litríocht shaibhir. Is fiú í a chosaint agus a labhairt agus a fhorbairt, agus go háirithe a labhairt. Rinne tú an t-iomlán don teanga, do chluichí Gaelacha agus don chultúr. Tréaslaím leis sin agus le do chuid dea-oibre. Ba chóir dúinne anseo dea-shampla a thabhairt agus iarracht faoi leith an Ghaeilge a labhairt agus aontaím leis an Uasal Ó Muircheartaigh mar gheall ar an gclub Gaelach. Tugann tú dúshlán dúinn iarracht dháiríre a dhéanamh, mar a deir tú féin.Dúirt sé gur cheart dúinn, mar pholasaí, níos mó acmhainní a chur ar fáil. Is iontach an smaoineamh é an tOireachtas a thógaint amach faoin spéir. Aontaím go mór leis an Uasal Ó Muircheartaigh go bhfuil na Gaelscoileanna ag méadú agus ag spreagadh ar fud na tíre. Ag an am céanna, mar a dúirt an tUasal Ó Muircheartaigh, is cúis díomá é dúinn go léir go bhfuil cineál meath ag teacht ar labhairt na teanga sa Ghaeltacht. Tá sé de dhualgas orainn mar pholaiteoirí rud éigin a dhéanamh faoi sin. Mar a dúirt an tUasal Ó Muircheartaigh, caithfimid bheith dáiríre faoin Ghaeltacht. Ar ndóigh, ba cheart dúinn cabhair a thabhairt do mhúinteoirí agus seans a thabhairt dóibh dul go dtí an Ghaeltacht. Is iontach an ócáid í seo. Bhain mé an-sult as smaointe an tUasal Ó Muircheartaigh a chloisteáil. Labhair sé faoin stair agus faoi rudaí eile. Guím ádh mór air leis an dea-obair atá ar siúl aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.