Seanad debates

Wednesday, 21 March 2018

Address to Seanad Éireann by Mr. Mícheál Ó Muircheartaigh

 

10:30 am

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCeannaire as ucht a thacaíocht le cuireadh a thabhairt chuig an Uasal Ó Muircheartaigh teacht anseo inniu, labhairt linn agus a chuid fhíse, a chuid tuairimíochta agus an taithí atá aige ó thaobh na Gaeilge de a chur i láthair chuile duine sa Seanad. Ón uair a luaigh mé é seo den chéad uair thug chuile Seanadóir fíor-thacaíocht don chuireadh d'Uasal Ó Muircheartaigh. Tá cúis maith leis sin mar is laoch é do phobal na tíre seo.Ní hamháin do mhuintir an tSeanaid, do mhuintir na Dála agus do phobal na tíre seo, is cuma cén aois iad, óg meánaosta nó sean. Tá níos mo déanta agatsa ni amháin ó thaobh Chumann Lúthchleas Gael ach ó thaobh an chultúir agus na Gaeilge de, ná mar atá déanta, dar liomsa, ag aon duine eile a bhfuil aithne agamsa sa tír seo. Luann tú ansin Pádraig Mac Piarais. Bhuel, tá Pádraig Mac Piarais eile ina shuí ansin, agus táimid an-bhuíoch de sin, agus táim lán-dáiríre faoi sin. Do do bhean agus do do chlann, is iontach an onóir go bhfuil sibhse anseo freisin, mar is sibhse cuid de gné lárnach na seoda fíor-thábhachtaí atá againne sa tír seo. Molaim go láidir sibh agus an tacaíocht agus an cúnamh atá sibh ag tabhairt do Mhicheál i rith na mblianta. Go raibh míle maith agaibh.

A Chathaoirligh go díreach, cúpla pointe agus a Mhichíl rinne tu cúpla pointe atá, dar liomsa, fíor-thábhachtach. Mar a dúirt an Seanadóir Ardagh ansin, tá sé thar am againn, go mbeadh Cumann Gaelach againn anseo sa Seanad. Is é sin rud beag ar féidir linn a thosú. B'fhéidir go labhróimid faoi sin níos deireanaí, go dtosóimid air sin díreach anseo sa bhliain seo. Freisin, a Chathaoirligh, roinn mé mo chuid ama le mo chara agus mo chomhghleacaí as Tír Chonaill, an Seanadóir Brian Ó Domhnaill, agus beidh me cúig nóiméad nó mar sin uilig ag labhairt. Meabhraigh dom le do thoil tar éis cúig nóiméad.

Cúpla rud ó thaobh na Gaeilge de. Rugadh is tógadh mise sa Ghaeltacht i gConamara agus ní raibh aon airgead againn; bhíomar bocht. Is í an Ghaeilge an chéad teanga. B'éigean do m'athair dul go Sasana nuair a bhí sé ina lead óg. Chas sé le mo mháthair ann, is as Baile Conaola do mo mháthair. Ní raibh aon Bhéarla ag m'athair. Bhí air an Béarla a fhoghlaim. Bhí seisean ag iarraidh go mbeadh cúpla focal Béarla ag chuile duine againn mar dúirt sé gurbh shin é an passport a bhí agat le dul thar sáile le jab a bheith agat. Buíochas le Dia tá an saol athraithe. Ta meas mór ar an nGaeilge anois. Tá thart ar 1.75 milliún duine sa tír seo a deir go labhraíonn siad an Ghaeilge, no go bhfuil roinnt Gaeilge acu. Bhí mé ag plé le páipéar Gaeilge, mar is cuimhin leat a Mhichíl, Foinse. An bhfuil a fhios agat cé mhéad léitheoir sa tseachtain a bhí ag an bpáipéar sin: suas le 200,000 léitheoir sa tseachtain ag an bpáipéar sin. Tá suim an-mhór ag pobal na tíre seo sa Ghaeilge, agus cén fáth? Mar feiceann siad gur Éireannaigh iad, agus go bhfuil an Ghaeilge agus an cultúr sa teanga lárnach maidir le cén sórt daoine muid féin. Our language is part of who we are. It is an asset one cannot touch, one cannot feel it, it is like the air one breathes; it keeps one alive. It keeps us energetic, it gives that uniqueness of what we are about. Molaim an Taoiseach go láidir nuair a dúirt sé go mbeidh 2018 againn ó thaobh Bliain na Gaeilge de. Mar a dúirt tú a Mhichíl, is rud é seo nach bhfuil ann ach deireadh seachtaine Lá Fhéile Pádraig. Is rud leanúnach a chaithfimid a choinneáil ag imeacht. Is cuma liom, ní gá go mbeadh tú ar chuid mhór Gaeilge. Má ta cúpla focal Gaeilge agat, tá sé sin chomh tábhachtach céanna le duine, b’fhéidir, nó le tusa a Mhichíl nó mise a bhfuil an Ghaeilge ar ár dtoil againn.

An fhís a bheadh agam ó thaobh na Gaeilge de, ná go mbeadh gach saoránach sa tír seo in ann an Ghaeilge a úsáid go feidhmiúil, go laethúil má tá sé sin ag teastáil uathu. What do we mean when we say that every Irish citizen can use the Irish language on a daily basis, if and when they so wish. Má tá daoine ag iarraidh a gcuid gasúr a thógáil le Gaeilge, do we mean go mbeadh siad in ann é sin a dhéanamh? If they want to send their kids to an all-Irish language education school, or institute, they can do it, they should not be blocked from doing it. Does it mean that we actually become serious, dáiríre ó thaobh na Gaeilge de? Molaim Rialtais éagsúla, ó thaobh na Gaeilge ach tá i bhfad níos mó le dul againn. Mar sine í an fhís. Tá na fíricí ag dul ar an taobh mícheart. Mar shampla sa daonáireamh 2016, bhí 39% in ann an Ghaeilge a labhairt. Tá laghdú ag teacht air sin ó thaobh an phlean 2010 go 2030. Tá na cainteoirí dúchais ag laghdú, cainteoirí na nGaeltachtaí, is é sin tobar na Gaeilge: na Gaeltachtaí. Caithfimid brú mór a chur air sin agus béim mhór a chur ar na Gaeltachtaí, rud nach bhfuil muid ag déanamh. Tá infheistíocht ó Údarás na Gaeltachta laghdaithe go seachtú faoin gcéad le deich mbliana anuas.

B'fhéidir gur tuairim é seo maidir le cúrsaí gnó de. If one wants to really do something and make a difference where does one start? One starts from where one is at now. One has to understand where one is now. Cá bhfuil mé anois? Where do I want to go? Cá bhfuil mé ag iarraidh dul? The strategy is the road one takes to get there. I am asking that this vision be shared, that every Irish citizen would have the ability and possibility to actually use Irish as frequently as they want, particularly in dealing with State bodies. If that is where one wants to get to, let us look at where we are at now. Let us make sure we build the bridge together. That is not political, that is for the people of Ireland to get there. Micheál, you have inspired us to actually start thinking and working in that direction.

Tá sé an-tábhachtach go dtabharfaimid tacaíocht dár gcomhleacaithe i dTuaisceart Éireann, ó thaobh Acht na Gaeilge de agus fhorbairt na Gaeilge. Tá an cead céanna acusan agus atá agamsa agus ag aon duine eile ó thaobh labhairt agus úsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil de. Tá sé sin an-tábhachtach, dar liomsa, domsa agus do mhuintir na hÉireann ar fad.

An rud deiridh a iarrfaidh mé ná, ó thaobh múinteoirí, tá an ceart ag an Uasal Ó Muircheartaigh. An bhfuil a fhios agat go gcaithfidh ábhar oidí dul ag an nGaeltacht faoi dhó i rith tréimhse traenála? Suas go dtí cúpla bliain ó shin, bhí an Roinn ag íoc as sin. The Department used to pay for it, now people have to pay for it out of their own pocket. What is that saying to people who want to teach in our primary and secondary schools? These are students and the State used to fund this. Caithfidh athrú a theacht air sin. It is not a lot of money.

Freisin, ba chóir go mbeadh seans ag chuile scoláire idirbhliana dul go dtí an Ghaeltacht; every transition year student should be given an opportunity to go to the Gaeltacht for a week to learn Irish. It does not cost a lot of money and this also supports the Gaeltacht. There is a lot more I can say, a Chathaoirligh, but I would like to give Seanadóir Brian Ó Domhnaill, an deis cúpla focal a rá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.