Seanad debates

Wednesday, 21 March 2018

Address to Seanad Éireann by Mr. Mícheál Ó Muircheartaigh

 

10:30 am

Photo of Catherine ArdaghCatherine Ardagh (Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar dtús báire, cuirim fáilte mhór roimh an Uasal Ó Muircheartaigh agus a chlann sa Ghailearaí uaimse féin agus ó Ghrúpa Fhianna Fáil sa Seanad. Tógadh mé ag éisteacht leis an Uasal Ó Muircheartaigh ar an raidió gach Domhnach. Tá guth álainn suaimhneach aige agus lean a ghuth gach clann, mo chlann fein san áireamh, timpeall na tíre. Bhaineamar go léir an-sult agus an-taitneamh as ar feadh a ghairme ar fad. Gabhaim buíochas leis chomh maith as ucht an obair atá déanta aige maidir le feabhsú agus cur chun cinn na Gaeilge, go háirithe trí mheán an spóirt, le 60 bliain anuas. Gabhaim buíochas freisin leis an Seanadóir Ó Céidigh as an lá seo a réiteach. Is Seanadóir den scoth é agus tá sé an-phaiseanta maidir le cur chun cinn agus feabhsú na Gaeilge sa tír.

Maidir le Bliain na Gaeilge, tá sé ar cheann de chuspóirí Fhianna Fáil ó thráth a bhunaithe an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo i measc na ndaoine agus cearta na ndaoine a labhraíonn an teanga a chosaint. Is gá dúinn cinnteacht i bhfad níos dearfaí a chur ar fail ó thaobh polasaithe fádtéarmacha don Ghaeilge. Caithfear deireadh a chur leis an éiginnteacht a tharlaíonn mar gheall ar an ngá a bhíonn ann go rialta le troid i gcoinne iarrachtaí stádas a bhaint ón teanga. Ba chóir go mbeadh meas ag gach páirtí ar an nGaeilge mar ghne éigeantach den scolaíocht agus mar ábhar príomhthábhachtach sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne. Nuair is gá díospóireacht a dhéanamh go rialta ag amanna toghcháin, treisítear leis an tuiscint go bhféadfaí athrú a theacht air sin. Cuirtear an díospóireacht féin as a riocht nuair a chuirtear cúis na teanga i gcónaí ar an gcosaint. Ba mhór an chéim chun tosaigh a bheadh ann dá n-aontódh na páirtithe go léir gur cheist sin nach bhféadfaí í a chur ar chlár díospóireachta a thuilleadh.

Nuair a sheol an Teachta Éamon Ó Cuív an straitéis 20 bliain don Ghaeilge ba é an chéad uair go n-aontaigh rialtas ar bith cur chuige cumasach fádtéarmach maidir le forbairt na teanga. Is ní aithiseach gur bhrúdh go leor de phríomhghnéithe na straitéise de leataobh leis an neamhaird ar fhorbairt phobail agus leis an séanadh, le seacht mbliana anuas, Aire sinsearach Rialtais a cheapadh ar a mbeadh cúram pearsanta maidir leis an réimse sin. Cuireadh cuid mhór smaointe iontacha i láthair le linn an phróisis comhairliúcháin don straitéis sin agus níor dhearcadh orthu ó shin. Mar a tharlaíonn le réimsí eile chomh maith, is é an teip seo pleananna a chur i bhfeidhm an rud is tromchúisí. Is é mo thuairimse gur chóir cúram pearsanta maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht a leagan ar Aire sinsearach agus gur chóir don Aire sin ceannródaíocht a dhéanamh ina leith. Tá an deis ann i gcónaí maidir le teanga na tíre seo. Tá éileamh mór i gcónaí ar an nGaeilge sa chóras oideachais agus seasann cuid mhór den phobal le bearta cúnta a dhéanamh maidir leis an nGaeilge mar chuid de ghnáthshaol, den gcultúr agus den saol poiblí.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom aontú leis an Uasal Ó Muircheartaigh. Ceapaim gur chóir dúinn club Gaeilge a bhunú anseo i dTeach Laighean. Is smaoineamh iontach é seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.