Seanad debates

Wednesday, 7 March 2018

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis na Seandóirí fá choinne na moltaí a rinne siad. Le bheith ionraic, moltaí dearfa agus, i gcúpla cás, moltaí úra a bhí ann. Gabhaim mo bhuíochas leis an Seanadóir Ardagh fá choinne a molta maidir le Aire sinsearach le freagracht as an Ghaeilge a bheith timpeall bhord an Rialtais. Rud dearfach ab ea é nuair a bhí mise timpeall bhord an Rialtais agus achan rud maidir leis an Ghaeilge nó leis an Ghaeltacht á phlé achan seachtain. Bíonn sé níos fearr a bheith ag an mbord. An fáth a bhíonn mise ag an mbord Rialtais ná gur mise an Príomh-Aoire agus ní bhím ag bord an Rialtais mar Aire Stáit le freagracht as an Ghaeltacht cé gur measc den dá rud mise. Chím na buntáistí a bhaineann leis an cheangal sin agus beidh mé ábalta labhairt fá dtaobh de sin amach anseo fosta.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ó Céidigh faoina mholtaí. Bíonn sé i gcónaí ag smaoineamh ar an teanga agus ní do sheachtain amháin nó ócáid amháin. Ní hé sin atá i gceist leis. Mar atá a fhios aige óna bheith ag siúl timpeall an fhoirgnimh seo, bíonn na ushers agus na lads sa beáir ag déanamh fíor-iarracht an teanga a labhairt. Mar shampla, inniu bhí sé nóiméad agam don lón idir Ord an Ghnó sa Dáil agus teacht anseo agus bhí mé ag labhairt le Keith sa bheár. Chuir sé ceist orm faoi chúpla focal mar tá sé ag tabhairt cuidiú dá leanaí. Tá sé sin suimiúil agus dearfa.

Labhair an Seanadóir faoi na coláistí samhraidh fosta. Tá siad san thar a bheith tábhachtach. Beidh deiseanna agus buntáistí ann amach anseo agus beidh an Rialtas ag lorg daoine breise fá choinne an Státseirbhís. Bíonn coláistí samhraidh ar fáil tríd an gheimhreadh fosta. Bíonn cuid mhór foirgnimh folamh tríd an gheimhreadh agus b'fhéidir go mbeidh seans ansin. Labhair an Seanadóir faoin infheistíocht agus faoin struchtúr. Tá cuid mhór de saol stairiúil maidir leis na coláistí samhraidh fosta. Tá Coláiste Uladh i nGort a Choirce i mo chontae féin agus tháinig Roger Casement ann in 1908 agus chuir sé ceithre scór punt ar fáil don fhoirgneamh sin. Fuair siad cuidiú mhór ó trí bhean Preispitéireach ó na Glens of Antrim ag an am sin. Ní raibh polaitíocht ag baint leis an teanga ag an am agus bhí sé sin níos dearfa.

Labhair an Seanadóir faoi cheangal a dhéanamh idir na daoine atá lasmuigh agus laistigh de na Gaeltachtaí ionas go mbeadh siad ag casadh lena chéile. Bheinn sásta éisteacht le haon mholtaí fá dtaobh de sin. Labhair sé fosta faoi Údarás na Gaeltachta. Tá ceart ag an Seanadóir go bhfuil an túdarás faoi bhrú. Tá cuid mhór comhlachtaí ag déanamh teagmháil leis an údarás faoi láthair agus iad ag iarraidh spáis agus foirgnimh úir. Muna bhfuil na foirgnimh ar fáil, beidh siad faoi bhrú.

Tá mise ag lean ar aghaidh le mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Humphreys, anois mar tá breis airgid ag IDA Ireland agus Enterprise Ireland. D'athraigh an polasaí an bhliain a chuaigh thart agus polasaí réigiúnach atá ann anois. Dá mbeadh cuidiú ón údarás i gceantair iargúlta, b'fhéidir go mbeadh sé fite fuaite inár measc ag Údarás na Gaeltachta agus IDA Ireland fosta. Má tá aon smaointe ag an Teach fá dtaobh de sin, tá mé ar fáil. Beidh mé sásta casadh leis an Seanadóir arís i ndiaidh Lá Fhéile Phádraig agus tacaíocht a thabhairt don lá a luaigh sé fosta.

Is féidir liom a rá leis an Seanadóir Ó Donnghaile go raibh mé i mBéal Feirste Dé Luain a chuaigh thart agus tá brón orm nach raibh am agam ag an am sin-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.