Seanad debates

Tuesday, 6 February 2018

2:30 pm

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ó Domhnaill as a tacaíocht. Ba mhaith liom tús a chur le mo chuid le comhghairdeas a dhéanamh le muintir Ghradam Ceoil TG4. Bhí an imeacht i mBéal Feirste don chéad uair oíche Dé Domhnaigh agus beidh sé ann don trí bliana atá amach romhainn fosta. Ba imeacht ceolmhar agus spleodrach é a chuir fáilte roimh daoine ó achan chúlra. Bhí an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn, i láthair fosta don imeacht náisiúnta, suntasach, tábhachtach seo. Cé go dtuigim go bhfuil mo iarchomhghleacaí ceaptha mar stiúrthóir cumarsáide ag TG4, níor mhaith liom an jab sin uilig a dhéanamh ar a shon inniu. Sílim go leiríonn Gradam Ceoil an ghné sin de shaol na hÉireann gur féidir linn bheith thar a bheith bródúil as, gur féidir linn a chéiliúradh agus gur féidir linn a thaispeáint ar ardán náisiúnta agus, tríd na meáin chumarsáide, ar ardán idirnáisiúnta chomh maith.

Tá a fhios agam gur luaigh an Ceannaire an tseachtain seo caite go mbeidh díospóireacht againn ar chúrsaí Gaeilge mar chuid de Bhliain na Gaeilge, agus go mbeidh lá trí mheán na Gaeilge againn sa Seanad. Tréaslaím agus tacaím leis sin. Sílim go léiríonn imeachtaí cosúil le Gradam Ceoil TG4 ní hamháin cé chomh tábhachtach atá cultúr agus traidisiúin na hÉireann, ach cé chomh bríomhar agus beomhar atá siad freisin. Táim cinnte go n-aontóidh an Ceannaire liom. Níl a fhios agam an bhfaca sé an clár oíche Dé Domhnaigh ach bhí sé ina chlár fíor-mhaith. Seolaim comhghairdeas, dea-ghuí agus beannachtaí an Tí seo chuig TG4 as imeacht den chéad scoth a eagrú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.