Seanad debates

Thursday, 23 November 2017

Commencement Matters

Exploration Licences

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit. Tá mé ag ardú ceist a bhaineann leis an taiscéalaíocht agus an mianadóireacht atá pleanáilte i gCarna i gContae na Gaillimhe, maidir leis an obair atá déanta go dáta, na torthaí a fuarthas, agus na hoibreacha breise atá beartaithe. An bhfuil imní ar Roinn an Aire Stáit maidir leis na himpleachtaí diúltacha comhshaoil atá, nó a d'fhéadfadh a bheith, ag na gníomhaíochataí seo? Mar atá fhios ag an Aire Stáit, tá taiscéalaíocht ar bun maidir le mianadóireacht i gceantar an Mhása i gCarna le tamall anuas. Sa dtír i gcoitinne, tá suas le 600 ceadúnas eisithe faoi láthair ó thaobh taiscéalaíochta de. Baineann an ceann acu atá i gceist anseo le MOAG Copper-Gold Resources. Tugann sé cead dó dul ag cuartú airgid agus miotail eile i gceantar an Mhása i gCarna i gContae na Gaillimhe agus i gceantar a shíneann ar feadh 45 km uaidh sin. Tá stráice mór talún i gceist ansin ina bhféadfadh an comhlacht bheith ag druileáil.

De réir tuairiscí nuachta a bhfuair muid ag tús na bliana, is léir go bhfuair an comhlacht roinnt mianraí sa láthair sin. Is cosúil gurb é molybdenum an mianra is mó a tháinig chun cinn. Ní fear mór eolaíochta mé ach, de réir mar a thuigim, is miotal faoi leith é seo a úsáidtear i dtionscail éagsúla, an tionscal cruach san áireamh, agus tá leáphointe an-ard aige. Deireann an tuarisc go raibh an oiread molybdenum ar an láthair áirithe sin gur bhfiú don chomhlacht dul ar aghaidh agus mianadóireacht ar scála níos mó a dhéanamh agus go bhféadfadh go mbeidh buntáiste mór ag an gcomhlacht as.

An fáth a bhfuil mé ag cur na ceiste sin ná go bhfuil roinnt daoine sa gceantar ag clámhsan maidir leis an méid oibre atá déanta go dtí seo ó thaobh tástála agus druileála de. Chuir sé as do roinnt tithe sa gceantar ó thaobh torainn, feithiclí agus mar sin de. Tá daoine ag iarraidh fáil amach cá bhfuil muid ag dul ina dhiadh seo. An bhfuil iarratas déanta ag an gcomhlacht ar cheadúnas níos leithne? An bhfuil sé ag caint leis an Roinn faoi sin? Má tá sé ag caint leis an Roinn faoi mhianadóireacht bhreise, céard iad na himpleachtaí comhshaoil don cheantar? Céard a bheadh i gceist leis seo? Cé chomh mór agus a d'fhéadfadh an mianach seo a bheith? Cén cúlra atá ag an gcomhlacht MOAG? An raibh aon deacrachtaí leis in aon áit eile ar an domhan seo?

Ar cheist níos leithne, agus is ceist a d'ardaigh muid ó thaobh acmhainní nadúrtha na tíre seo, braitheann muid nach bhfuil an Stát ag fáil buntáiste sách mór as na hacmhainní nadúrtha - ola agus gás ach go háirithe. Braitheann muid go bhfuil na ceadúnais i bhfad ró-mhaith do na comhlachtaí atá i gceist. Ó thaobh chúrsaí chomhshaoil, an raibh fadhb go dtí seo leis na ceadúnais agus an méid oibre atá déanta? Má tá sé i gceist ceadúnas níos mó a thabhairt le haghaidh mianadóireacht a dhéanamh, cén cosaint a chuirfear ann ó thaobh an chomhshaoil de?

Cén buntáiste a bheidh ag an Stát as an obair seo? Maidir le cúrsaí aschuir agus an méid airgid atá sa tionscal seo, i 2012 bhí turnover, mar a déarfaí i mBéarla, de €426 milliún ann agus tá riar mhaith daoine fostaithe ar an tionscal, ach tá ráta cánach chorparáide de 25% do na mianaigh agus ráta de 12.5% ar an teacht isteach. Is dóigh go mbreathnaíonn sé sin mór ach, a oiread leis an tionscal gáis agus ola, is féidir write-off a dhéanamh ar chuid mhaith den chaiteachas a bhí ann ó thaobh an cuartú do na mianraí seo. Tá allúntas caiptil ar fáil ó thaobh na taiscéalaíochta, costais forbartha, costais innealra, costais foirgneamh agus mar sin de. Is féidir 100% de sin a fháil ar ais. Is féidir write-off a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis an bhforbairt ar fad agus ar dhúnadh mianach ina dhiadh sin. Cé go mbreathnaíonn sé go bhféadfadh sé go mbeidh buntáiste mór ag an Stát, tá ceist ann faoi sin. Bheadh mé ag súil le soiléiriú ón Aire Stáit ar chuid de na ceisteanna seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.