Seanad debates

Wednesday, 8 March 2017

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le chuile dhuine a thóg páirt sa díospóireacht, go mórmhór na daoine a labhair Gaeilge don chéad uair sa Teach.

Ó thaobh an méid a dúirt an Seanadóir Aidan Davitt, is féidir liom a dheimhniú go n-ardóidh mé an cheist ag an gcéad cruinniú eile leis an Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Richard Bruton. Tá sé tábhachtach nach gcaillfimid na gasúir óga atá ag teacht tríd na Gaelscoileanna. Tá an ceart ag an Seandóir go dteastaíonn Gaelscoileanna ag an meánleibhéal gach áit a bhfuil Gaelscoileanna ag an mbunleibhéal faoi láthair. Beidh na daoine sin ag teastáil amach anseo le post a ghlacadh sa tseirbhís phoiblí anseo in Éirinn agus san Aontas Eorpach. Ardóidh mé an cheist leis an Aire a luaithe agus is féidir.

Labhair an Seanadóir Joe O'Reilly faoi dhaoine óga a mhealladh chuig an Ghaeltacht i rith an tsamhraidh. Téann níos mó ná 25,000 duine óg go dtí an Ghaeltacht gach bliain le freastal ar na coláistí Gaeilge. Bíonn tionchar an-mhaith ar iompar teanga na ndaoine óga sin agus tionchar dearfach ar eacnamaíocht na Gaeilge ag eascairt ó na cuairteanna seo. Díreach an tseachtain seo, ceadaíodh ardú ar an deontas caipitil atá ar fáil do mhná tí nua atá ag teacht isteach sa scéim. Chomh maith leis sin, i gcomhar leis an Roinn Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe, táim ag scrúdú an cháis le haghaidh ardú a thabhairt don deontas caipital a bhfaighidh na mná tí i mbliana.

Luaigh an Seanadóir Treveor Ó Clochartaigh agus an Seanadóir Rónán Mullen cuid de na rudaí céanna ó thaobh sheirbhísí an Stáit, ina measc Acht na dTeangacha Oifigiúla, Acht na Gaeilge sa Tuaisceart agus an córas ateangaireachta i dTithe an Oireachtais. Is féidir liom a dheimhniú go n-ardaíonn an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an cheist maidir le Acht na Gaeilge ó Thuaidh leis an Rialtas sa Bhreatain agus leis na húdaráis ó Thuaidh gach deis a bhfaigheann sé. Ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla, leanfaidh mé leis an athbhreithniú ar an mBille a dhréachtaíodh ach nár foilsíodh riamh. Rinne mé cinneadh gan é a fhoilsiú mar nach raibh sé chomh láidir agus ba cheart agus nach raibh an Freasúra, an Coimisinéir Teanga agus grúpaí ar nós Conradh na Gaeilge ina fhábhar. Sin an fáth nach bhfuil sé foilsithe roimhe seo. Tá mé ag iarraidh é a láidriú. Tá an earcaíocht lárnach san obair seo agus sin an fáth gur luaigh mé an obair atáimid ag déanamh ó thaobh an phróisis earcaíochta. Is léir nach bhfuil an córas atá i bhfeidhm faoi láthair ag obair go héifeachtúil agus tá obair comhairliúcháin ar bun ag mo Roinn le Ranna eile faoi conas é a fheabhsú. Tá an obair sin fíorthábhachtach agus ag dul ar aghaidh.

Tá an ceart ag an Seanadóir Mullen nach bhfuil sé ceart nach mbíonn seirbhís aistriúcháin againn i dTithe an Oireachtais. Níl a fhios agam cén fáth a tharlaíonn na rudaí seo chomh minic agus a dtarlaíonn siad. Tharla sé inné sa Dáil agus tharla sé ag an gcoiste Oireachtais freisin. Níl sé ceart. Aontaím leis an Seanadóir faoi sin.

Luaigh an Seanadóir Robbie Gallagher infheistíocht sna coláistí samhraidh agus pointí breise san ardteistiméireacht dóibh siúd a dhéanann Gaeilge ag an ardleibhéal. Mar a dúírt mé, tá deontas méadaithe do mhná tí nua ceadaithe againn agus táimid, i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ag breathnú ar an gcás do mhéadú do mhná tí eile. Tá córas nua againn maidir le matamaitic. Níl a fhios agam an bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag breathnú ar an gcás le haghaidh an rud céanna a dhéanamh don Ghaeilge. Tá cás ar leith ann ó thaobh an méid daltaí atá ag tabhairt faoi mhatamaitic ag an ardleibhéal. Beidh orm labhairt leis an Aire faoi sin freisin.

Déanaim comhghairdeachas leis an Seanadóir Fintan Warfield maidir lena chéad óráid as Gaeilge a dhéanamh sa Teach. I spiorad Sheachtain na Gaeilge a rinne sé é agus molaim é as.

Tá an ceart ag an Seanadóir Brian Ó Domhnaill ó thaobh na seirbhíse poiblí ach ní inné nó inniu gur tháinig an titim ar mhéid na daoine sa tseirbhís a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge. Tharla sé ar feadh blianta. Tá a fhios agam go raibh athrú ar an bpolasaí sna 1970í agus níor athraíodh ar ais arís é. Tá laghdú ar an mhéid daoine atá líofacht sa Ghaeilge acu sa tseirbhís phoiblí agus táimid é sin a athrú. Tá sé deacair intinn na ndaoine sinsearacha agus an cultúir a athrú. Tá Stiúrthóir na Gaeilge, atá in aice liom, agus feidhmeannaigh i mo Roinn beagnach críochnaithe leis an bpróiseas maidir leis na feidhmeannaigh i chuile Roinn chun an polasaí a athrú go dtí go mbeidh painéil lán-Ghaeilge ann agus go mbeimid in ann níos mó daoine le Gaeilge a thabhairt tríd an phróiseas sa Státseirbhís. Sin rud atá lárnach in Acht na Gaeltachta agus sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh an obair sin roimh Acht nua a fhoilsiú. Tá sé sa straitéis freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.