Seanad debates
Wednesday, 8 February 2017
Order of Business
10:30 am
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Ba mhaith liom mo dhíoma agus imní a léiriú faoin ráiteas an rinne ceannaire an DUP, Arlene Foster, le cúpla lá anuas, maidir le Acht na Gaeilge agus nach mbeidh a leithéid ann má bhíonn an DUP sa rialtas ó thuaidh. Ba mhaith liom a mheabhrú don Cheannaire go bhfuil dualgas ar an Rialtas anseo, mar go bhfuil Acht na Gaeilge mar dhlúthchuid de Comhaontú Aoine an Chéasta, oibriú leis na páirtithe ar fad le déanamh cinnte go gcuirfear Acht na Gaeilge i bhfeidhm. Tá súil agam go ndéanfar raiteas láidir ag cáineadh an méid a dúirt Arlene Foster ó thaobh Acht na Gaeilge.
Go deimhin, bhí ráitis maslacha anseo an tseachtain seo caite ó thaobh lucht na Gaeilge ag an Seanadóir Ó Ríordáin. Sílim gur chóir dó leithscéal a ghabháil le pobal na Gaeilge mar gur chuir sé-----
No comments