Seanad debates

Thursday, 13 October 2016

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

I commend to the House the report published this morning by the Joint Committee on Justice and Equality on the recognition of Irish Sign Language as an official language of the State. Our committee heard from the Irish Deaf Society a fortnight ago. Its presentation, on the back of the very important work of Senator Mark Daly on the issue, had a profound impact on the members of the committee. The relevant Bill is awaiting Second Stage in the Seanad. I hope it will come before us sooner rather than later and that all Senators will support it. We have the opportunity, through legislation, to support, encourage and, ultimately, empower our deaf citizens.

Agus cúrsaí teanga luaite agam, impím arís ar a ngCeannaire go mbeadh seal díospóireachta againn leis an Aire ó thaobh chúrsaí Gaeilge de. Tá díomá agus fearg anois tagtha ar phobal na Gaeilge mar gheall ar an bhfógraíocht a rinneadh le linn an bhuiséid an tseachtain seo. An tseachtain seo caite, bhíomar uilig thall ag an imeacht a bhí ag Conradh na Gaeilge in Óstán Buswells. Chonaic mé roinnt de na grianghraif ón imeacht. Táim ag smaoineamh go ndúramar uilig go ndéanfadh muid ár seacht ndícheall ar son na Gaeilge, ar son phobal na Gaeilge agus ar son phobail na nGaeltachtaí ar fud na tíre. Mar a chonaic muid i bhfógairt an bhuiséid, tá laghdú de 9% anois tagtha ar an mbuiséad do chúrsaí Gaeilge. Is cinnte go mbeidh tionchar thar a bheith diúltach agus gasta ar an bpobal Gaelach mar gheall ar an gciorrú seo atá déanta ag Fianna Fáil agus Fine Gael.

Cuireann sé sin béim ar an bhfáth go bhfuil an tAire de dhíth, go mbeadh seal againn na cúrsaí seo a phléigh agus go mbeadh muid in ann impí ar an Aire agus an Rialtas an cinneadh seo a thiontú thart. Tá an díospóireacht de dhíth ionas go mbeimid in ann an tábhacht eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha a thagann de bharr na Gaeilge a aithint i réimse leathan den saol, chomh maith le na buntáistí a thugann sé dúinn, go háirithe don aos óg ar fud na tíre. Glacaim leis, mar a dúirt sé cheana, go ndéanfaidh an Ceannaire a sheacht ndícheall an tAire a thabhairt isteach. Tá súil agam go mbeimid in ann é sin a dhéanamh chomh luath agus gur féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.