Seanad debates
Tuesday, 11 October 2016
Order of Business
3:30 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Ba mhaith liom go mbeadh Aire Stáit na Gaeltachta istigh anseo, gan a bheith ag imeacht i bhfolach orainn. Ba cheart dó teacht anseo le míniú a thabhairt dúinn cén fáth go bhfuil réimse na Gaeilge agus na Gaeltachta mar cheann den líon beag rannóga a bhfuil gearradh siar déanta arís air. Tá sé náireach agus scannalach go bhfuil an Rialtas ag ligint do seo tarlú. Ba chóir go mbeadh náire ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil, agus ar na Neamhspleáigh atá ag tacú leo, nár sheas siad an fód sa chomhthéacs seo.Tá an t-am istigh.
No comments