Seanad debates

Tuesday, 11 October 2016

3:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá laghdú de 9% le feiceáil go soiléir sna figiúirí. D'admhaigh an tAire Stáit, an Teachta Seán Kyne, ar Raidió na Gaeltachta ar ball beag go bhfuil gearradh siar de 9% á dhéanamh ar bhuiséad na Roinne. Tá sé scannalach. Tá sé ag cur as dom freisin nach bhfuil na bunsonraí maidir le caiteachas na Roinne sin le fáil againn. De ghnáth, bíonn briseadh síos sa bhuiséad ar céard atá le caitheamh faoi na rannóga éagsúla, ach níl aon eolas breise tugtha dúinn inniu faoin Foras Teanga, srl. Tá duine éigin ó na meáin tar éis a rá liom go ndúirt oifigeach PR de chuid na Roinne nach mbeidh na sonraí sin ar fáil go dtí an Nollaig. Ba chóir go mbeidís ar fáil inniu againn agus ba mhaith liom dá n-iarrfaí iad sin ar an bpointe boise.

Bhí sé ráite freisin ag an Aire Oideachais agus Scileanna le daoine a bhíonn ag plé le réimse an oideachais sa Ghaeltacht go mbeadh €7 milliún breise le fáil le haghaidh an polasaí nua oideachas Gaeltachta. Ní fheicim aon rud luaite faoi sin i ráiteas an lae inniu. B'fhéidir go dtiocfadh an Rialtas soiléiriú faoi sin dúinn. Léirigh Sinn Féin sa bhuiséad malartach a chuir muid ar fáil go gcuireadh muid €1.5 milliún breise ar fáil do phleanáil teanga, €5 milliún breise ar fáil mar airgead caipitil d'Údarás na Gaeltachta, €4.5 milliún ar fáil mar chreidmheas cánach agus €7.58 milliún ar fáil d'Fhoras na Gaeilge. Tá teipthe ar Fhianna Fáil chomh maith céanna seasamh suas do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Bhí lámh an-mhór acu sa bhuiséad atá leagtha amach inniu. Gheall siad do na heagraíochtaí Gaeilge go seasfadh siad an fód ar a son, ach is léir go bhfuil teipthe orthu go hiomlán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.