Seanad debates
Wednesday, 20 July 2016
Order of Business
10:30 am
Joe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source
Ba mhaith liom tréaslú go láidir leis an méid atá ráite ag an Seanadóir Feighan mar gheall ar fhostaíocht tar éis an Brexit. Labhair mé ar an ábhar seo seachtain ó shin agus tá dualgas orainn rud éigin a dhéanamh faoi. Molaim an méid atá déanta ag an IDA ach tá sé riachtanach anois go meallfaidh sé na jabanna go dtí na réigiúin. Tá mé lándáiríre faoi sin agus tá mé ag súil go dtarlóidh rud éigin faoi.
No comments