Seanad debates

Wednesday, 22 June 2016

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat, a Leas-Chathaoirligh. Tógfaidh sé nóiméad amháin an phointe seo a dhéanamh. Cá bhfuil an t-airgead ar fad ag dul? Má tá an chomhlacht atá i gConamara anois chun a chuid táillí a chur suas thart ar 200%, cá rachfaidh an t-airgead breise sin? An bhfuil aon chuid de ag teacht ar ais chuig an Státchóras? Cá bhfuil sé i gceist go rachfaidh an t-airgead sin?

Ba mhaith liom a rá mar fhocal scoir go bhfuil mé an-sásta go bhfuil an deis seo faighte againn díriú ar an gceist áirithe seo. Is í seo an chéad uair go bhfuil Gnó Comhaltaí Príobháideacha curtha chun cinn ag Sinn Féin sa Seanad. Is féidir linn beart a dhéanamh de réir briathar anocht. Is féidir linn deireadh a chur leis an gcostas seo anocht. Táimid ag impí ar Fhianna Fáil seasamh leis an bpobal agus le Sinn Féin agus an táille seo a stopadh. Tá súil agam go dtiocfaidh Fine Gael agus na Neamhspleáigh ar bord linn chomh maith céanna. Fágfaidh mé an t-urlár anois ag mo chomhghleacaí, an Seanadóir Mac Lochlainn, atá ag cuidiú liom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.