Seanad debates

Wednesday, 22 June 2016

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tuigim an phointe atá déanta ag na Seanadóirí ó thaobh leagan Béarla a fháil. Ní dóigh liom go mbeadh sé ceart ná cóir dá mbéinn ag iompú ar an mBéarla agus Aire Stáit na Gaeltachta os mo chomhair, go háirithe nuair atá aistriúcháin ar fáil sa Teach.

Bhí mé ag déanamh comparáide idir chás Chonamara agus cás Contae Liatroma. Is é sin rud amháin a bhí i gceist. Chomh maith leis sin, bhí na táillí a bhí á mbaint amach ó thaobh an bosca bruscar glas, an bosca bruscar gorm agus an bosca bruscar dubh thar a bheith doiléir. Bhí sé deacair ar dhaoine éagsúla dul i dteagmháil leis na comhlachtaí. Ní raibh an córas áirithe a bhí i gceist i gConamara soiléir ó thaobh daoine a bhí úsáid málaí bruscair. Is é sin an sampla is mó a bhfuil eolas agam faoi. Tá daoine ann nach bailíonn mórán dramhaíola. Bhíodar ag úsáid córas málaí bruscair. Cheannódh siad málaí sa siopa áitiúil ar luach an mhála de réir mar a bhí málaí ag teastáil uathu. Ní raibh a leithéid d'fhéidearthacht le bheith ann faoin leagan amach nua a bhí le teacht i bhfeidhm - bhí ar dhaoine málaí a cheannach díreach ón gcomhlacht agus riar mhaith málaí a cheannach le chéile ag an am céanna. Cinéal bulk buying ón gcomhlacht a bhí i gceist, rud a chosnódh i bhfad níos mó airgid oraibh. Bhí ceisteanna eile ag daoine chomh maith maidir leis an bunachar sonraí agus an t-eolas a bhí na comhlachtaí éagsúla ag iarraidh a bhaint de dhaoine. Cá raibh an t-eolas agus na sonraí pearsanta a bhí á lorg an an gcomhlacht príobháideach seo, nuair a bhí daoine ag clárú, ag dul? Cén cumhacht a bhí acu an t-eolas sin a roinnt agus mar sin de? Nílim ag rá go raibh tada as bealach á dhéanamh acu, ach ní raibh sé soiléir céard a bheadh ag tarlú sa chomhthéacs áirithe sin.

Ar ndóigh, tá sé ráite ag riar mhaith daoine trasna an Tí agus sna meáin go raibh an córas a bhí le cur i bhfeidhm éagórach go huile is go hiomlán ar theaghlaigh, go háirithe teaghlaigh ina bhfuil páistí óga, a bhíonn ag úsáid clúidíní agus mar sin de, iontu. Bheadh níos mó costais orthu ós rud é go mbeadh an t-ábhar a bheidís ag cur sna málaí bruscair níos troime. Tá sé an-deacair feiceáil cén buntáiste a bheadh i gceist faoin scéim seo le athchúrsáil nó athúsáid a dhéanamh, nó do chuid bhruscair a laghdú ar an gcéad dul síos. Dá bhrí sin, bhí sé deacair dúinn i Sinn Féin feiceáil cén buntáiste ar chor ar bith a bhí ag baint leis an gcóras nua seo agus cén chaoi a raibh an tAire sásta cead a thabhairt do na comhlachtaí príobháideacha an rud seo a chur i bhfeighil. Thugamar faoi deara go raibh an ionstraim reachtúil áirithe seo i gceist agus go raibh sé de cheart ag an Seanad í a tharraingt siar taobh istigh de mhéid áirithe laethanta ina mbeimid inár suí. Táimid ag iarraidh go dtarraingeofaí siar an ionstraim reachtúil seo. Nuair a bhí a leithéid á phlé againn ar an Déardaoin seo caite, ba léir go raibh daoine ó pháirtithe éagsúla ag tacú leis na moltaí a bhí á gcur chun cinn againn agus go raibh an imní céanna orthu faoin mhéid a bhí beartaithe. Dar leis na meáin, ní raibh sé i gceist ag an Aire bualadh leis na comhlachtaí dramhaíola go dtí am éigin an tseachtain seo, ach chomh luath agus a chuala sé go raibh an rún seo curtha chun cinn againn, bhí cruinniú aige leis na comhlachtaí. Tháinig siad ar mholtaí thar an deireadh seachtaine agus is cosúil go bhfuil na comhlachtaí dramhaíola ag brú na moltaí seo chun cinn.

Ní fheiceann muide i Sinn Féin cén fáth gurb iad na comhlachtaí dramhaíola atá ag casadh an phoirt agus gurb é an tAire atá ag damhsa de réir an phoirt sin. Tá an tAire i gceannas. Is léir go bhfuil an córas a bhí molta ina phraiseach agus nach bhfuil leath dóthain machnamh déanta faoi.Is léir go dtéann sé siar freisin go dtí aimsir an iar-Aire, Phil Hogan. De réir na tuairiscí a chuala mé ar chláracha raidió, bhí plé idir Phil Hogan agus na comhlachtaí dramhaíola tamaillín siar maidir leis an gcineál córais a bheadh i bhfeidhm - sé sin, an mbeadh iomaíocht taobh istigh den mhargadh i gceist nó an mbeadh iomaíocht le haghaidh tairiscintí, ina mbeadh comhlacht amháin buacach agus ina dhiaidh sin ag feidhmiú mar sórt soláthróir sna ceantracha éagsúla, i gceist. Is léir ní hamháin go raibh lámh Phil Hogan sa rud seo ar fad, ach freisin go raibh an Teachta Kelly sásta an rud a chur i bhfeidhm le linn a thréimhse mar Aire.

Ag an bpointe seo, táimid ag iarraidh go dtarraingeofaí siar an ionstraim reachtúil seo. Sílim gurb é sin an rud ceart le déanamh. Ní ghlacann muid le an méid atá á rá go poiblí ag an Aire, ná ag Fianna Fáil ach go háirithe, maidir leis na moltaí atá á gcur chun cinn ó thaobh na ceiste seo. Níl i gceist i bplean an Rialtais ach an scéal seo a bhrú ar aghaidh agus an chaora a chur thar abhainn. Tá siad ag iarraidh an fhadhb a fhágáil ag duine éigin eile. Tá an Rialtas ag tabhairt cineál "hospital pass" don Aire, an Teachta Naughten, ó thaobh cúrsaí dramhaíola. Tá siad ag loic ar an dualgas atá orthu déileáil leis an bhfadhb seo agus ag tabhairt mí-ádh dóibh siúd a gcaithfidh déileáil leis bliain síos an bóthar. Táimid ag rá nár chóir é a bhrú síos an bóthar ar an mbonn go bhfuil deis againn anois an ionstraim reachtúil seo a tharraingt siar taobh istigh de mhéid áirithe de laethanta. Má rachfaimid chun tosaigh leis an bplean atá curtha chun cinn, ní bheidh an chumhacht sin ag an Seanad. Is é sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí é seo anois.

D'ardaigh mé an cheist seo Dé Céadaoin seo caite, agus bhí mé an-sásta an lá dár gcionn nuair a d'aontaigh ceannaire Fhianna Fáil sa Teach seo, an Seanadóir Ardagh, go bunúsach leis an méid a bhí le rá agam. Bhí mhaith liom an méid a dúirt sí ar an Déardaoin a mheabhrú do dhaoine:

The policy change agreed by the former Minister, Deputy Kelly, to pay by weight could result in charges increasing from €200 to €400 per year. This is unrealistic and completely unfair.

Dúirt sí níos déanaí:

People are being faced with a double whammy of standard fees being increased under the pay-by-weight system, which will add extra costs.

Dúirt sí beagáinín eile ina dhiaidh sin:

The Government must listen to the concerns and must not keep ignoring the problem in the hope it will go away, as it will not. I call on the Minister, Deputy Coveney, to come to the House to explain what actions he intends to take to address this problem and to address the exorbitant bin charges that are being sold to Members as climate change measures. Personally, I do not buy that.

Ba léir dom ar an maidin sin go raibh Fianna Fáil ar bord leis na moltaí a bhí á ndéanamh againn agus gur aontaigh siad le mórán de na rudaí a bhí á rá againn. Bhéinn ag súil inniu go mbeidh Fianna Fáil sásta tacaíocht a thabhairt don mholadh atá againn an ionstraim reachtúil seo a tharraingt siar.

Tá sé seo fíorthábhachtach ar fad ó thaobh pobal na hÉireann. Nuair a théann an tAire Stáit siar go Chonamara, tuigfidh sé go maith go bhfuil daoine ar buile faoin gcostas atá ag baint leis na táillí seo agus na costais eile atá ag titim orthu. Is é sin bun agus barr an scéal seo. Tá daoine bánaithe le roinnt bliana anuas de bharr na beartais déine atá tugtha isteach ag na Rialtais roimhe seo. Tá an Rialtas seo ag leanacht leis sin. Tá daoine ag rá liom go bhfuil sé deacair orthu an muirear teaghlaigh a íoc. Tá costais brúite orthu ó thaobh cúrsaí uisce. Tá an méid airgid ina gcuid pócaí laghdaithe go mór. Tá cuid mhaith daoine a bhí ag obair dífhostaithe nó ar uaireanta laghdaithe anois, agus ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Creideann siad nach bhfuil anseo ach cáin bhreise - cáin bhruscair - atá curtha anuas orthu ag an Rialtas. Is féidir a rá nach bhfuil an Rialtas ag baint amach an cáin seo go díreach, ach ní mór a rá go bhfuil an Rialtas ag tabhairt deiseanna d'áisíneachtaí príobháideacha a lámha a chur i bpócaí an phobail agus airgead a tharraingt amach astu. Nil sé sin ceart ná cóir. Tá ceist eile faoi seo. Cá bhfuil an t-airgead breise-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.