Seanad debates

Wednesday, 22 June 2016

Waste Management: Motion

 

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

I move:

That Seanad Éireann resolves that Statutory Instrument No. 24 of 2016 – Waste Management (Collection Permit) (Amendment) Regulations 2016 – be annulled.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta Seán Kyne. Silim gurb é seo an chéad uair dúinn labhairt le chéile sa Teach seo. Ba mhaith liom tréaslú leis tar éis dó bheith ceaptha mar Aire Stáit na Gaeltachta. Is dócha go bhfuil sé ag déileáil le cúrsaí dramhaíola chomh maith céanna sa díospóireacht áirithe seo. Tá mé cinnte ón aithne atá agam air go ndéanfaidh sé a mhíle dícheall ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus tá mé ag súil go mbeidh cuid mhaith díospóireachta againn anseo ar na hábhair sin.

Mar is eol don Aire Stáit, is dócha gur tháinig an cheist seo chun solais i gceantair an iarthair - i gceantar na Gaillimhe, ach go háirithe - i bhfianaise an obair taighde an-mhaith a rinne Raidió na Gaeltachta maidir le cúrsaí dramhaíola. Tá a fhios againn gur thug an t-iar Aire, an Teachta Alan Kelly, isteach an ionstraim reachtúil seo nuair a bhí sé i mbun Aireachta chun athrú a dhéanamh ar an gcóras a bhaineann leis na ceadanna a fhaigheann na comhlachtaí bailithe bruscair ó thaobh bruscar a bhailiú. Is dócha gur tháinig sé seo isteach faoin radar nuair a raibh an oiread sin cainte ann faoi cé mbeadh nó nach mbeadh i Rialtas. Bhí daoine ag iarraidh an mbeadh Micheál nó aon duine eile ann, nó pé rud é. Murach gur thosaigh dreamanna cosúil le "Inis Aniar" ar Raidió na Gaeltachta ag déanamh fiosruithe faoi seo, agus gur thosaigh daoine sa phobal ag ardú ceisteanna, ní bheadh sé tagtha chun solais chomh mór go raibh an rud seo le bheith chomh éagórach.

Tá riar mhaith comhlachtaí príobháideacha ar fud na tíre ag plé le cúrsaí dramhaíola i bhfianaise socruithe a rinneadh roimhe seo príobháidiú a dhéanamh ar an gcóras agus an fheidhm sin a bhaint de na húdaráis áitiúla, rud nach mbeimid ar a son go huile is go hiomlán. Bhí sé beartaithe sa scéal seo go dtosófaí ag athrú an chórais. Is dócha gurb é an rud is fearr le déanamh ná sampla Chonamara a thabhairt. Bhí sé i gceist táille seasta a thabhairt isteach ag an dream a bhí ag fáil réidh leis an dramhaíl i gConamara. Tuigtear go raibh sé sin le bheith suas le €224 in áiteanna áirithe sula raibh bosca bruscair ar bith pioctha suas. Bhí éagóir breise ansin ó thaobh cúrsaí dramhaíola chomh maith - sé sin go mbeidís siúd atá ina gcónaí níos faide ón baile mór ag íoc níos mó mar tháille seasta. Léiríonn an phointe sin go raibh na táillí a bhí an chomhlacht áirithe seo ag iarraidh a bhaint de mhuintir Chonamara éagórach amach is amach. Ar an taobh eile, fuaireamar amach go bhfuil an chomhlacht céanna atá ag feidhmiú ar an taobh sin tíre ag cur seirbhís ar fáil i gContae Liatroma. Bhí muintir Liatroma ag fáil margadh i bhfad níos fearr agus fair play dóibh. Bhí táille seasta de €80 á bhaint de mhuintir Liatroma ar an tseirbhís ceannann céanna sular ardaíodh aon araid bhruscair. Tá sé an-deacair oibriú amach cén chaoi a bhféadfadh comhlacht an méid sin a bhaint amach i gContae Liatroma agus i bhfad níos mó - beagnach trí oiread an méid céanna - a bhaint amach i gConamara.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.