Seanad debates

Tuesday, 21 June 2016

2:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

It is great to see the new politics of Fine Gael coming around to Sinn Féin policy, particularly around the issue of rates, because Sinn Féin has called for the past five years for a change to rates in order that they are calculated on the basis of profits and the size of businesses. I agree with Deputies Byrne and Butler that a debate is needed and it is good that they are finally coming around to our way of thinking.

Tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh díospóireacht againn maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Bhí caint ar Acht na dTeangacha Oifigiúla sa Rialtas deireadh a bhí ag dul ag cúlú ó thaobh na cumhachtaí a bheadh ag an gCoimisinéir Teanga. Bhí feachtas pobail ann ag cor an choinne sin. Tá an straitéis 20 bliain titithe i dtraipisí. Níl dóthain acmhainní á cur ar fáil agus níl dóthain tacaíocht á thabhairt don teanga. Tá Údarás na Gaeltachta ag fulaingt de bharr easpa maoinithe. Níl me soiléir cén treo atá sé ag dul ó thaobh spriocanna fostaíochta, cúrsaí forbartha pobail agus mar sin de. Ba mhaith liom go ndéanfar plé arís ar thoghchán Údarás na Gaeltachta mar ní dóigh liom go bhfuil an daonlathas ag bord Údarás na Gaeltachta agus a bhí.

Bhí go leor obair ar pholasaí oideachais Gaeilge agus Gaeltachta déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ach ní fhaca muid fós an Bille nua atá chun oideachais Gaeilge agus Gaeltachta a thabhairt chun cinn. Cá bhfuil sé sin? Tá comhchoiste nua le bunú ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Caithfidh muide sa Seanad cinntiú go mbeidh ballraíocht ón Seanad ansin. Sílim go gcaithfidh muid coiste dár gcuid féin a bhunú le sin a chinntiú. Ó thaobh mhaoiniú na n-earnáil trí chéile, tá buiséad na Gaeltachta gearrtha siar arís agus arís eile. Dá bhrí sin, bheadh sé fíor-thábhachtach an tAire Stáit, an Teachta Kyne, a thabhairt isteach leis na ceisteanna seo a phlé agus go mbeadh muid chun tosaigh ar an bproiséas buiséid le gur féidir linne, mar Sheanadóirí, brú a chur le go gcuirfear airgead dóthanach ar fáil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa bhuiséad a bheas le teacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.