Seanad debates

Tuesday, 19 January 2016

2:30 pm

Photo of Jim D'ArcyJim D'Arcy (Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an athbhreithniú a rinne Údarás na Gaeltachta ar chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht. Tá scéal an-dearfach ag teacht ó na torthaí a d'fhoilsigh an t-údarás inné. Léiríonn na figiúirí go raibh 215 duine breise fostaithe i gcuideachtaí na Gaeltachta ag deireadh na bliana 2015 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Molaim freisin go raibh formhór de na postanna, no cuid mhaith dóibh, i dTír Chonaill ós rud é gur cailleadh go leor poist sa chontae sin sa bhliain 2014. Nuair a bhí mé ag amharc ar an athbhreithniú, mhothaigh mé go bhfuil dul chun cinn fiúntach ag tarlú mar gheall ar na limistéir teanga Gaeilge agus na pleananna do na limistéir sin. Tá súil agam go leanfaidh sé sin ar aghaidh. Molaim an t-údarás as an obair atá á dhéanamh acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.