Seanad debates

Thursday, 3 December 2015

International Protection Bill 2015: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Sílim go bhfuil sé tráthúil gurb é féin atá tagtha isteach leis an reachtaíocht seo a phlé. An féidir linn soiléiriú a fháil ar ghné amháin den Bhille? Dúradh anseo inné nach bhfuil ach 26 moladh as na moltaí ar fad a rinne an grúpa oibrithe a chuir an tAire Stáit le chéile clúdaithe sa Bhille atá os ár gcomhair. D'fhógair an tAire sinsireach agus an Aire Stáit go raibh 170 moladh i gceist ar an lá a d'fhoilsigh siad an tuairisc úd. Níl sé soiléir domsa ná do na dreamanna lena raibh mé ag caint céard iad na moltaí atá curtha san áireamh agus céard iad na moltaí nach bhfuil curtha san áireamh. B'fhéidir go mbeidh an Aire Stáit in ann soiléiriú a thabhairt dom céard iad an 26 moladh atá curtha ar aghaidh sa Bhille seo agus céard atá ag tarlú leis an 144 moladh eile. It was stated by the Minister and by a number of Senators last night that 26 of the recommendations set out in the report of the working group that was initiated by the Minister of State are included and covered in this Bill. I wonder whether the Minister of State will clarify for us which of the 170 recommendations in the report are among the 26 recommendations included in this Bill, and which of them are not.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.