Seanad debates

Wednesday, 7 October 2015

Broadcasting and Media in Ireland: Statements

 

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Is é an ról sonrach atá ag Raidió na Gaeltachta atá i gceist agam. Sílim go bhfuil siad thar a bheith tábhachtach sa phictiúr iomlán. Dá bhrí sin, cé go bhfáiltím roimh an polasaí nua Gaeilge atá á chur chun cinn ag RTE, tá ceist fíorthábhachtach ann i ndáiríre píre faoin ról seirbhíse poiblí vis-à-vis an ról tráchtála atá ag na meáin, agus an tionchar atá ag an gceist sin ar na polasaithe eagarthóireachta atá acu ó thaobh na nuachta agus cúrsaí reatha ach go háirithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.