Seanad debates

Wednesday, 11 March 2015

Misuse of Drugs (Amendment) Bill 2015: Second Stage (Resumed)

 

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire. Thug an Chúirt Athchomhairc cinneadh inné maidir le halt 2(2) den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1997, ag rá go raibh sé neamhbhailí. Thug an t-alt áirid úd cead don Rialtas de réir ordú substaintí áiride a ainmniú mar dhrugaí smachtaithe. Beidh an reachtaíocht seo á chur ar ais sa staid a bhí ann sular tugadh an dúshlán ins an gcúirt inné. Tá súil agam go dtiocfaidh an Bille tríd gan aon mhoill agus go mbeidh sé sínithe ag an Uachtarán chomh maith gan a thuilleadh moille. Tógfaidh an Bille um Mí-Úsáid Drugaí 2015, a dhéanann leasú ar an mBille a bhí ann ó 1997, in áireamh na substaintí a bhí coscaithe ag an Rialtas ó tugadh i bhfeidhm é i 1977.

I 2010, tugadh isteach beart in Éirinn chun deireadh a chur le díolachán na "legal highs" seo. Thug an Bille um substaintí sícighníomhacha cumhachtaí le horduithe cúirte a lorg chun na siopaí cinn, nó "head shops" a dhúnadh. Is cosúil go raibh cuid mhaith fabhtanna ins an reachtaíocht seo freisin, a thug cead do dhaoine a bheith ag díol na drugaí seo agus tá grúpaí áiride ag tarraingt airde ar na ceisteanna seo le roinnt blianta idir an dá linn. Is é an fabhta is mó a bhí ann ná go bhféadfadh lucht déanta na ndrugaí seo díreach an struchtúr ceimiceach a athrú beagán le teacht timpeall ar an dlí. I mí Bealtaine 2010, thógamar isteach reachtaíocht a chur cosc ar níos mó ná 200 de na siabhráin dleathacha seo, nó "legal highs", a bhí ar díol sna siopaí siabhráin agus ar an Idirlín. Dhún sé sin síos cuid mhaith de na siopaí seo, mar gheall gur chuir sé cosc ar na drugaí siúd.

Chiallaigh sé seo áfach gur méadaíodh an méid a bhí á iompórtáil, an méid easpórtáil, an táirgeacht agus mar sin de, agus an méid daoine a bhí tógtha mar gheall ar an obair seo, ó thaobh na coiriúlachta de. Bhí níos mó ná 4.5 tona drugaí, gur b'fhiú luach na deich mílte de euro iad tógtha as na siopaí siabhráin seo ag na Gardaí fad is a bhí an cosc seo á chur i bheidhm acu ach tá cuid mhaith de na substaintí seo ar fáil ar an Idirlín agus tá margadh an-luachmhar ar an Idirlín, ós rud é go bhfuil na siopaí cinn seo imithe. Caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus caithfidh an Rialtas rud eicint a dhéanamh faoi.

Go minic, tá na drugaí seo in ainm is a bheith ag déanamh aithris ar na drugaí neamhdhleathacha agus díoltar iad ar an gcaoi sin ach breathnóimid anois ar chuid de na substaintí seo, na drochéifeachtaí atá acu agus na cúiseanna atá ann cosc a chur oraibh. Is beag scrúdú a dhéantar orthu ó thaobh caighdeán de, má dhéantar aon rud. Is furasta iad a chur i gcomhar le substaintí eile agus ní fios cé chomh láidir is atá na substaintí seo nó céard iad na héifeachtaí eile a d'fhéadfadh a bheith acu. Sampla amháin de sin ná salvia, a dhíoltar mar rogha dleathach do eacstaisí agus a bhíonn fógraithe mar "incense" nó "herbal ecstasy". D'fhéadfadh daoine a thógann na drugaí seo a bheith thar a bheith go dona as de bharr chúrsaí meabhairghalair, an galar dubhach, imní agus mar sin de. Tá drugaí áiride ann atá in ann cásaí i bhfad níos measa a tharraingt ar dhaoine ar nós scitsifréine chomh maith céanna.

Tá cuid mhaith oibre déanta ag mo chomhghleacaí, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, nuair a bhí sé mar urlabhraí dlí agus cirt Shinn Féin. Chuir sé picéad faoi leith ar na siopaí siabhráin seo, cuid acu in a dháilcheantar féin. Tharla sé seo mar gheall ar fhear óg a fuair bás go thragóideach tar éis muisriúin draíochta a thógáil. Bhí sé ráite ag an bpoínte sin go raibh na "legal highs" seo á fhorbairt ag ráta péire in aghaidh na míosa. Tá ár bpáirtí tar éis a léiriú go láidir le tamall anuas gur chóir Aire Stáit ar a laghad a ainmniú a mbeadh cúram cúrsaí drugaí orthu. Tá imní orm mar gheall ar an mbealach atá an Stát ag dul i ngleic leis an dearcadh seo a bhaineann le cúrsaí drugaí. Is é an Rialtas seo an céad Rialtas le 21 bliain anuas nach bhfuil Aire faoi leith aige a bhfuil freagracht orthu ó thaobh drugaí de. Bheadh sé fíorthábhachtach dá gcuirfí Aire ins an ról seo agus bheadh an-fháilte againn roimhe. Táimid ag iarraidh ar an Aire agus ar an Taoiseach soiléiriú an bhfuil sé i gceist acu Aire Stáit a cheapadh le cúraimí faoi leith ó thaobh na drugaí seo - faoi scáth na Roinne Sláinte agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionnanas, is dócha - agus cén uair a tharlóidh sé seo. Tá socrú déanta ag mo chomhghleacaí, an Teachta Caoimhghin Ó Caoláin, leis an gComhchoiste um Sláinte agus Leanaí le breathnú ar an gceist seo maidir leis na legal highs agus na básanna atá tarlaithe de bharr daoine a bheith ag tógáil na substaintí áiride seo, ní hamháin in Éirinn ach ar fud na hEorpa.

Tá imní orm freisin maidir leis na contúirtí atá ann inniu, go bhfuil daoine atá os comhair na cúirte ar chúiseanna a bhaineann le bheith ag déileáil drugaí agus mar sin de agus go bhféadfaí na cúiseanna seo a chaitheamh amach as an gcúirt anois. An bhfuil an tAire cinnte go bhfuil na forálacha ins an mBille seo sách mhaith le cinntiú nach dtarlóidh rud den chineál seo arís? Cuireadh an díospóireacht seo ar bun go han-tobann ach caithfimid mar lucht reachtaíochta agus an Rialtas reatha féachaint ar an dochar a dhéanann drugaí ins an sochaí atá againn. Caithfimid déanamh cinnte go bhfuil reachtaíocht éifeachtach againn agus caithfimid a bheith i gcónaí coiscéim chun cinn ar an dream seo atá ag cur na substaintí marfacha seo ar aghaidh. Cruthaíonn legal highs contúirt an-mhór don sochaí agus tá sé feicthe againn go mbíonn substaintí nua sícighníomhacha cosúil leis seo ag teacht chun cinn gach seachtain. Caithfidh an reachtaíocht a bheith againn le bheith in ann déileáil leis seo agus déanamh cinnte nach dtiocfaidh fabhtanna ins an reachtaíocht agus go dtógfar cásanna den chineál ceann a tógadh inné chun cinn arís. Ní fadhb sna cathrachaí amháin í seo, is fadhb í ar fud na tíre agus sna ceantair tuaithe chomh maith céanna. Iarraim ar gach duine tacú leis an mBille agus déanamh cinnte go dtiocfaidh sé tríd chomh sciobtha agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.