Seanad debates

Tuesday, 10 March 2015

Ambulance Services in Dublin: Statements

 

2:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire. De réir mar a thuigimse, tá sé i gceist na seirbhísí atá á shólathar ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath a chur faoi scáth an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr. Caithfimid déanamh cinnte sa phróiséas seo nach bhfuil an Rialtas chun fáil réidh le chuid de na hotharcharranna ar bhealach indíreach. Tá imní ar ionadaithe ó Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath. D'fhéadfadh aighneas tionsclaíoch a bheith ann de bharr go bhfuil an HSE ceapaithe chun dul i mbun na seirbhísí seo agus iad ag déileáil leis na glaochanna éigeandála ar fad. Tá bagairt ann cheana féin go mbeadh stailceanna nó aighneas tionsclaíoch maidir le moltaí atá ann leis an leibhéal criúnna atá sa bhriogáid sin a laghdú aon trian cheana féin. Íocann an HSE €10 milliún leis an gcomhairle cathrach in aghaidh na bliana leis an 12 otharcharr a choinneáil ag imeacht i láthair Bhaile Átha Cliath. Creideann an HSE go bhféadfaidís é seo a dhéanamh ar bhealach níos saoire agus nach mbeadh an oiread daoine ag obair. Caithfimid a bheith cinnte san athrú seo nach ar son airgead a shábháil amháin atáimid á dhéanamh é seo. Tá sé sin fíor-thábhachtach.

Tá fios againn go maith freisin go bhfuil deacrachtaí le soláthar an HSE ó thaobh otharcharr ar fud na tíre. Is rud é sin atá ag cur an-imní ar dhaoine, go háirithe ó thaobh na hotharcharr atá ag dul in aois agus in as na blianta. Ba chóir go ndéanfaí athrú ar otharcharr tar éis seacht bliana. Tá sé fáilte amach go bhfuil 18% de na hotharcharranna éigeandála anois os cionn ocht bliana d'aois. Tá na seirbhísí otharchairr riachtanach trasna an Stáit, mar atá ráite romham. Nuair atá tionósc nó rud éicint éigeandála ag tarlú, caithfidh daoine muinín a bheith acu nuair a ghlaonn siad ar an otharcharr go bhfuil sé chun teacht in am tráthúil. Faraor, ní shin an scéal atá trasna na tíre. Tá caighdeán leagtha síos ag HIQA a dheireann go ceart 80% de na glaoanna a bheith déileáilte leo taobh istigh de ocht nóiméad. Ní tharlaíonn sé sin ach 26.6% de na glaoanna. Sna ceantair tuaithe, is 6.6% de na glaoanna sin a bhfreagraíodh taobh istigh den tréimhse ocht nóiméad sin.

Caithfimid déanamh cinnte dá bhrí sin nach n-úsáidtear an próiséas seo ó thaobh an athbhreithniú le gearradh siar ar líon na n-otharcharr i mBaile Átha Cliath, mar atá feicthe ar fud na tíre. Sa bhuiséad malartach a chur Sinn Féin chun cinn, bhí muid ag moladh go gcuirfí dhá otharcharr breise ar fáil sna ceantair éagsúla sna ceithre réigiúin éagsúla. Tá an polasaí faoi láthair ag an Seirbhís Náisiúnta Otharcharr gach othar a thabhairt go dtí an ionad éigeandála sna hospidéil. Caithfimid beagánín iniúchadh a dhéanamh ar seo agus an modh "see and treat" a úsáidtear i dtíortha eile. Is rud é seo a d'fhéadfadh laghdú a dhéanamh ar an méid daoine gur gá a thabhairt go dtí na hionaid éigeandála sna hospidéil. Tá an gá atá léirithe ag HIQA maidir le tuilleadh comhoibriú a bheith idir na seirbhísí éagsúla tábhachtach ach caithfidh sé tarlú ar bhealach lena bhfuil na hoibrithe i mBaile Átha Cliath sásta agus lena bhfuil an tseirbhís agus an pobal sásta chomh maith céanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.